Edit Page

Scéim Caipitil Ceoil

Scéim Caipitil Ceoil
Soláthraíonn an Scéim Caipitil Ceoil maoiniú fíorthábhachtach le haghaidh uirlisí ceoil do ghrúpaí ceoil ón bpobal agus do cheoltóirí aonair araon. Is infheistíocht í seo a bhfuil tionchar suntasach aici ar leibhéal cumadóireachta agus ar léiriú an cheoil bheo ar fud na tíre, agus ar an rochtain atá ag daoine air.

Bunaíodh an Scéim Ceipitil Ceoil sa bhliain 2008 agus tá sí á maoiniú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus á bainistiú ag Líonra Ceoil. Ó bunaíodh í, bronnadh os cionn €3,543,590 trí 657 dámhachtain do cheoltóirí aonair agus d’eagraíochtaí, rud a thugann rochtain ar uirlisí do níos mó ná 59,000 duine ar fud na tíre.

I measc na dtairbhithe, áirítear páistí óga agus ceoltóirí aibí, lena n-áirítear ceoltóirí atá faoi mhíchumas fisiciúil agus intleachla. Cuireadh ar chumas 227 grúpaí ceoil, uirlisí a cheannach agus síneadh a chur lena mballraíochtaí, agus ar chumas 263 ceoltóirí seanbhuaithe agus ceoltóirí atá ag tosú amach, a ngairm a chur chun cinn leis na huirlisí nua seo.

Faighteoirí den Scéim Caipitil Ceoil – Ionad Acmhainní Óige Fionnghlas, Baile Átha Cliath

Tá an scéim seo oscailte do ghrúpaí agus do cheoltóirí a sheineann réimse leathan de stíleanna ceoil. Tá cúig dhámhachtain faoi leith ann a sholáthraíonn maoiniú chun uirlisí ceoil a cheannach agus iad a fháil ar iasacht, do cheoltóirí seanbhunaithe agus dóibh siúd atá ag tosú amach, do ghrúpaí taibhithe neamh-ghairmiúla, agus d’ionaid ealaíon agus do láithreoirí ceoil.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an Scéim Caipitil Ceoil, déan teagmháil le Sarah Ledwidge, Bainisteoir na Scéime Caipitil Ceoil ag  capitalscheme@musicnetwork.ie nó cuir glaoch ar 01 475 0224.

Faoi láthair, nílimid ag glacadh le hiarratais ar na dámhachtainí 1,2,3,4 ná 5, faoin Scéim Caipitil Ceoil.

Please see the Guidelines documents for the most recent round of the Music Capital Scheme below. New Guidelines documents will be in place for the next round of the Scheme.

Music Capital Scheme Award 1 (Non-professional performing groups)

Music Capital Scheme Award 2 (Individual established professional performing musicians)

Music Capital Scheme Award 3 (Individual emerging professional performing musicians)

Music Capital Sheme Award 4 (National Musical Instrument Collection)

Music Capital Scheme 2024 Piano Award (For arts venues and music presenters promoting excellence in music performance)

Mark Redmond, dámhachtaí na Scéime Caipitil Ceoil (píb uilleann)
Bronnadh dámhachtain ar an gceoltóir gairmiúil, Mark Redmond, chun tacú leis foireann píob a cheannach, píb a rinneadh dó féin.
Bunsoil Loreto, Guaire, dámhachtaí na Scéime Caipitil Ceoil (veidhlíní)
Bronnadh dámhachtain ar Bhunsoil Loreto, Guaire, chun tacú leo veidhlíní a cheannach don scoil.
Caitríona Frost, dámhachtaí na Scéime Caipitil Ceoil (Marimba)
Bronnadh dámhachtain ar an gceoltóir gairmiúil, Caitríona Frost, chun tacú léi marimba a cheannach.