Gach bliain eagraímid idir 8 agus 10 camchuairt náisiúnta i gcomhar leis an líonra comhphoiblitheoirí atá againn, agus tá os cionn 40 díobhsan, ionas go mbeidh rochtain áitiúil ag an lucht éisteachta ar cheoltóirí den chéad scoth.
Tríd an gclár camchuartaíochta, bíonn an deis ag ceoltóirí garimiúla a bheith ag seinm go poiblí agus iad féin a chur chun cinn go náisiúnta. Tacaímid leo i rith an ama sin ón bpleanáil go dtí an léiriúchán féin. Go dtí seo, tá an deis faighte ag os cionn 1000 ceoltóir, a ghlac páirt i 300 camchuairt náisiúnta agus idirnáisiúnta, a gcuid ceoil a roinnt leis na mílte duine in Éirinn agus thar lear.
Bíonn uaillmhian ag baint lenár gcamchuairteanna maidir le héagsúlacht agus cáilíocht. Bíonn míreanna Éireannacha agus idirnáisiúnta iontu, lena n-áirítear ensembles nua ag seinm le chéile den chéad uair.
Cuirimid béim ar an oideachas sa Chlár Náisiúnta Camchuartaíochta, agus nuair a bhíonn siad ar camchuairt, cuireann ár n-ealaíontóirí ceardlanna agus máistir-ranganna ar siúl i scoileanna, i gcoláistí agus do ghrúpaí pobail. Tá tuilleadh eolais le fáil ar ár gceardlanna agus ár máistir-ranganna.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gClár Náisiúnta Camchuartaíocht, déan teagmháil le operations@musicnetwork.ie