Mol Náisiúnta d’Uirlisí Ceoil

Mol Náisiúnta d’Uirlisí Ceoil
Tá sé mar aidhm againn tacú le ceoltóirí na hÉireann trí eolas ar mhaoiniú agus ar dheiseanna a thabhairt le chéile i suíomh amháin atá éasca le cuardach.

Is acmhainn náisiúnta eolais é Mol Uirlisí a chabhraíonn le ceoltóirí agus le heagraíochtaí ag gach leibhéal eolas a fháil faoi conas is féidir leo uirlisí ceoil a fháil ar cíos, ar iasacht, a cheannach, a dheisiú nó maoiniú a fháil dóibh.

Tairiscíonn ár mbunachar sonraí Find an Instrument database eolas faoi na bealaí éagsúla ar féidir rochtain a fháil ar uirlis cheoil in Éirinn. Is féidir é a chuardach de réir uirlise, leibhéil ceoltóra, gníomhaíochta agus suímh. Tá eolas ann ar beagnach 200 eagraíocht, lena n-áirítear scoileanna ceoil a thugann uirlisí ar cíos leis an teagasc, bainc iasachta d’uirlisí, lucht déanta uirlisí agus deisitheoirí, sparánachtaí sa teagasc ceoil agus scoláireachtaí, siopaí uirlisí, deiseanna chun seinm i ngrúpaí, agus tuilleadh nach iad.

Tá an-chuid eolas luachmhar inár Mol Acmhainní a thugann treoir do thuismitheoirí, do dhaltaí, do ghúpaí ceoil agus do sheinnteoirí gach stíl ceoil, agus iad ag dul tríd an bpróiseas chun uirllisí ceoil a roghnú agus an infheistíocht sin a dhéanamh iontu.