Tá an scéim seo oscailte do ghrúpaí agus do cheoltóirí a sheineann réimse leathan de stíleanna ceoil. Tá cúig dhámhachtain faoi leith ann a sholáthraíonn maoiniú chun uirlisí ceoil a cheannach agus iad a fháil ar iasacht, do cheoltóirí seanbhunaithe agus dóibh siúd atá ag tosú amach, do ghrúpaí taibhithe neamh-ghairmiúla, agus d’ionaid ealaíon agus do láithreoirí ceoil.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an Scéim Caipitil Ceoil, déan teagmháil le Sarah Ledwidge, Bainisteoir na Scéime Caipitil Ceoil ag capitalscheme@musicnetwork.ie nó cuir glaoch ar 01 475 0224.
Faoi láthair, nílimid ag glacadh le hiarratais ar na dámhachtainí 1,2,3,4 ná 5, faoin Scéim Caipitil Ceoil.