Creidimid go bhfuil sé de cheart ag gach páiste agus duine óg, rochtain a bheith acu ar theagasc ceoil agus an seans páirt a ghlacadh sa cheol.
Tháinig ár bhfeachtas ar an bhfód in 2001 nuair a thosaíomar ar imscrúdú a dhéanamh ar chóras náisiúnta ‘scoileanna ceoil’ arna thacú go poiblí, agus conas a d’fhéadfaí é seo a sholáthar in Éirinn. Mar thoradh air seo, foilsíodh Córas Náisiúnta de Sheirbhísí Ceoloideachais Áitiúla, Tuarascáil ar Staidéar indéantachta in 2003, agus chuireamar na torthaí seo faoi bhráid an Rialtais. Ina dhiaidh sin, chuireamar tionscadal píolótach ar bun i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall le maoiniú ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Sa bhliain 2009, rinneadh measúnú neamhspleách ar ár dtionscadail phíolótacha agus fuarthas go soláthraíonn an múnla seo creat praiticiúil agus inmhacasamhlaithe le haghaidh seirbhísí ceoloideachais ar fud na hÉireann. Sa bhliain chéanna, bhronn U2 agus The Ireland Funds €7 milliún chun cur i bhfeidhm na moltaí a bhí sa tuarascáil a éascú sna chéad cúig bliana eile.
Sa bhliain 2011 bhunaigh Líonra Ceoil Giniúint Cheoil, agus ba mhór an chéim í seo don cheoloideachas in Éirinn. Den chéad uair riamh, réitíodh an bealach chun córas a thógáil, a chuirfeadh chun cinn rochtain chothrom do gach páiste agus duine óg a ligfeadh dóibh uirlis a fhoghlaim, amhránaíocht a dhéanamh, agus ceol a chruthú agus a léiriú.
Inniu, leanann Giniúint Cheoil air, atá anois ina fhochomhlacht de Líonra Ceoil, saol an cheoil a oscailt do pháistí agus do dhaoine óga ar fud na hÉireann. Tá sé i bhfeidhm i 29 limistéar ar fud na tíre, agus cuireann sé os cionn 490,000 uair de theagasc ceoloideachais ar fáil; soláthraíonn sé 200 clár éagsúil i ngach stíl ceoil, agus cruthaíonn sé os cionn 100,000 deis do pháistí agus do dhaoine óga gach bliain.