Déanaimid taighde chun riachtanais agus bearnaí sa soláthar a aithint agus ansin oibrímid chun na bearnaí seo a líonadh.
Dímímid go príomha ar thaighde agus forbairt, leis an aidhm múnlaí nua a chruthú don rochtain ar an gceol, agus dea-thionchar a imirt ar an mbeartas ealaíne, agus uaireanta, ar an mbeartas trasearnála i réimsí ar nós an t-oideachas, cúram sláinte agus ionchuimsiú sóisialta, rudaí a dhéanfaidh tairbhe don tsochaí go fadtéarmach. Is mór an tionchar a bhí againn ar infreastruchtúr an cheoil in Éirinn. Mar thoradh ar an staidéar indéantachta a rinneamar in 2003, Córas Náisiúnta de Sheirbhísí Ceoloideachais Áitiúla, bunaíodh Líonra Ceoil, Clár Náisiúnta don Cheoloideachas in Éirinn, a sholáthraíonn gach bliain 100,00 deis do pháistí agus do dhaoine óga bheith páirteach sa cheol uirlise agus sa cheol ó bhéal.
An Staidéar Indéantachta a rinneamar in 2014 ar an ngá atá ann ar an talamh le hAcmhainn Náisiúnta d’Uirlisí Ceoil, úsáidtear an staidéar sin mar bhonn don obair atá ar siúl chun Bailiúchán Náisiúnta d’Uirlisí Ceoil a fhorbairt. Rachaidh sé seo i ngleic leis an easpa rochtana atá ann dár gceoltóirí is fearr ar uirlisí ceoil atá oiriúnach dóibh.
Leanaimid orainn leis an obair bealaí nua a aimsiú chun rochtain ar an gceol beo a fheabhsú do mhuintir na hÉireann.