Is bealach iontach é freastal ar cheolchoirmeacha chun go dtiocfaidh glúnta éagsúla le chéile chun sult a bhaint as draíocht an cheoil bheo.
In 2012 bhunaíomar comhpháirtíocht straitéiseach fadtéarmach le The Ark, ionad cultúir do pháistí, chun léiriúcháin ceoil nua a fhorbairt go háirithe do pháistí agus do theaghlaigh.
Cuireadh i láthair an chéad chomhchoimisiún, léiriúchán agus camchuairt ón gcomhpháirtíocht straitéiseach A Most Peculiar Wintry Thing leis an gcumadóir Brian Irvine agus an scríbhneoir John McIlduff ag an Ark agus i naoi suíomh eile ar fud na tíre sa bhliain 2014 agus ba é 5,394 líon na ndaoine a chonaic an léiriúchán seo.
Sa bhliain 2022 fuair Brian Irvine an coimisiún freisin Wire, String agus Other Things a chruthú, seó nua do pháistí os cionn 6 bliana d’aois. Léiríodh an chéad taibhú san Ark in 2022 agus chuaigh sé ar camchuairt go dtí Port Láirge, Inis, Droichead Átha, Caisleán an Bharraigh, Bré agus Leitir Ceanainn. Ansin d’fhill sé ar an Ark, áit a raibh 22 léiriúchán breise. Níos déanaí sa bhliain, cuireadh an seó ar siúl in amharclann an Lime Tree mar chuid den fhéile Future Limerick sular tógadh ar camchuairt é go dtí an Aithin sa Ghréig in am don fhéile Big Bang! D’fhill sé sa bhliain 2023 mar chuid d’Fhéile Ealaíona Cheatharlach.
Tríd na léiriúcháin seo den cheol beo, fuair os cionn 1,800 páiste bunscoile ar fud na tíre an deis na ceoltóirí iontacha seo a fheiceáil agus a chloisteáil, agus iad ag seinm agus ag canadh ceol nua ar uirlisí éagsúla, lena n-áirítear an vióla, an dordclairinéad mar aon le huirlisí ceoil tobchumtha a rinneadh as gnáthrudaí. I ndiaidh na camcuairte beo, thug Líonra Ceoil agus an Ark an deis do scoileanna sruthú beo a dhéanamh ar an seó díreach isteach sa seomra ranga. Ar an mbealach seo, chonaic 11,200 páiste agus 626 múinteoir ar líne é, i 448 seomra ranga agus i 192 scoil.