Cad é a dhéanaimid

Is sa bhliain 1986 a bhunaigh an Chomhairle Ealaíon Líonra Ceoil, Eagraíocht náisiúnta na hÉireann um chamchuartaíocht agus forbairt ceoil. Forbraímid agus seolaimid cláir a bhfuil mar aidhm acu go mbeidh rochtain ag muintir na hÉireann ar an gceol beo, agus cuidímid le ceoltóirí sásamh a bhaint as a ngairm.