Bailiúchán Náisiúnta Uirlisí de chuid Líonra Ceoil

Bailiúchán Náisiúnta Uirlisí de chuid Líonra Ceoil
Bhunaíomar an Bailiúchán Náisiúnta Uirlisí de chuid Líonra Ceoil le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Tabharfaidh an bailiúchán reatha, rochtain do sheinnteoirí clasaiceacha veidhlíní, atá ag teacht chun cinn agus atá eisceachtúil, ar uirlisí ardchaighdeáin via dámhachtain nua tríd an Scéim Caipitil Ceoil.

Dearadh an tionscnamh seo chun dul i ngleic leis na dúshláin faoi leith a bhíonn roimh ceoltóirí clasaiceacha gairmiúla. Is bac é do cheoltóirí clasaiceacha den scoth, agus iad ag iarradh slí bheatha a bhaint amach, nach bhfuil rochtain acu ar uirlis atá oiriúnach dóibh.

Tríd an Scéim Caipitil Ceoil, tabharfar téaduirlisí ar iasacht ar feadh tréimhse 3 bliana do sheinnteoirí eisceachtúla. D’fhéadfaí suas le €5,000 a thairiscint dóibh freisin chun bogha nua a cheannach, agus má dhéanann siad é sin, is leo a bhainfidh sé agus beidh siad ábalta é a choimeád.

Faoi láthair, is féidir le veidhleadóirí, vióladóirí agus dordveidhleadóirí ardleibhéil, atá ag tosú amach ina ngairm mar sheinnteoirí gairmiúla, cur isteach ar an dámhachtain. Ní mór dóibh a bheith ina saoránaigh Éireannacha nó ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann.

Faoi láthair, tá cúig uirlis ón mbailiúchán ar fáil tríd an dámhachtain seo:

  • Veidhlín: Gand & Bernardel Frères (1880)
  • Veidhlín: Stephan von Baehr (2007)
  • Veidhlín: Alexandre Valois (2024)
  • Vióla: Charles John Wilkinson (1930)
  • Dordveidhil & Bogha O’Neill: Conor Russell, dordveidhil (2015), Robert Pierce, bogha (2016)

Leanfaimid orainn ag obair chun cur leis an mbailiúchán náisiunta seo, rud a chuirfidh ar chumas ár gceoltóirí dul faoi bhláth agus beidh rochtain ag na glúnta atá le teacht ar na mbailiúchán luachmhar seo.

Bhí Michael Trainor ina chéad Veidhleadóir leis an Quartet Piatti agus labhair sé linn faoi cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeidh rochtain ar uirlis ardchaighdeáin ag ceoltóirí atá ag tosú amach.
Bailiúchán Náisiúnta Uirlisí a thógáil d’Éirinn

Más maith leat a fháil amach conas is féidir leat tacú le forbairt a dhéanamh ar an mbailiúchán náisiúnta seo, déan teagmháíl le Arantxa Colomé ag development@musicnetwork.ie nó ar 01 475022

Please see the guideline documents including information about the instruments available, for the most recent round of the Music Network National Instrument Collection (Music Capital Scheme Award 4) below.

New Guidelines documents will be in place for the next round of the Scheme.

Music Network National Instrument Collection Guidelines