Skip to main content

Bailiúchán Náisiúnta Uirlisí Music Network – Scéim Caipitil Ceoil (Dámhachtain 4) 

Bailiúchán Náisiúnta Uirlisí Music Network – Scéim Caipitil Ceoil (Dámhachtain 4) 

Photos with logo 670 x 550 px
Tá muid ag glacadh le hiarratais anois do Bhailiúchán Náisiúnta Uirlisí Music Network – Scéim Caipitil Ceoil (Dámhachtain 4), atá ceaptha go sonrach do théadcheoltóirí clasaiceacha atá ag teacht chun cinn. 

Faigheann an Scéim Caipitil Ceoil tacaíocht ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus cuirtear cistiú ar fáil tríd le haghaidh uirlisí ceoil. Mar chuid den tionscnamh seo, cuirtear téaduirlisí ardchaighdeáin ar fáil trí Bhailiúchán Náisiúnta Uirlisí Music Network ar bhonn iasachta do théadcheoltóirí clasaiceacha eisceachtúla atá ag teacht chun cinn.   

Táimid ag lorg iarratas ó veidhleadóirí, vióladóirí, dordveidhleadóirí agus cláirseoirí ardleibhéil atá ag tabhairt faoi ghairm phroifisiúnta taibhithe nó atá ag luathchéimeanna a ngairme. Ní mór d'iarratasóirí acmhainneacht as cuimse a léiriú agus cuntas teiste maith a bheith acu mar aonréadaí agus/nó i suíomhanna ceoil aireagail.

Spriocdhátad’iarratais: 2pm Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair 2026.

Sonraí na dámhachtana: 
  • Fad na hiasachta: Gheobhaidh iarratasóirí a n-éireoidh leo uirlis ón mbailiúchán go ceann tréimhse 3 bliana. I gcúinsí eisceachtúla, féadfar an tréimhse a fhadú go ceann bliana eile.
  • Tacaíocht bhreise: Ina theannta sin, tairgfear suas go €5,000 do cheoltóirí a mbronnfar úsáid as veidhlín, vióla nó dordveidhil Roger Hansell orthu chun cur i dtreo costais bogha nua. Má bhaineann dámhachtaithe leas as sin, is leo féin a bheidh an bogha agus coinneoidh siad é.
    Na huirlise a bheidh ar fáil: 
    • Veidhlín: Alessandro Camilletti (2025) 
    • Veidhlín: Fratelli Guastalla (1925) 
    • Veidhlín: Voller Brothers (1893) 
    • Vióla: Charles John Wilkinson (c. 1935) 
    • Dordveidhil & Bogha Maurice Meulien: Dordveidhil Caressa & Français (1906), bogha Robert Pierce (2021) 
    • Dordveidhil: Roger Hansell, Macasamhail de Davidov-Stradivari (2020)
    • Cláirseach Cheolchoirme: Salvi – Iris Natural (2025)

    Is féidir teacht ar bhreis eolais faoi na huirlisí a bheidh ar fáil sa bhabhta seo den Scéim thíos agus sna treoirlínte iarratais.

        Cé is féidir iarratas a dhéanamh? 

        Veidhleadóirí, vióladóirí, dordveidhleadóirí agus cláirseoirí clasaiceacha aonair atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn sin agus atá:

        • ina saoránach Éireannach nó ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann. Ní gá go mbeadh saoránaigh Éireannacha ina gcónaí in Éirinn d’fhonn iarratas a dhéanamh.

        agus

        • i mbliain deiridh a bhfochéime, i mbun staidéar le haghaidh céim máistir, nó a bhfuil a gcuid staidéár curtha i gcrích acu taobh istigh de na trí bliana deireanacha.

        • tar éis a gcuid staidéir a thabhairt i gcrích laistigh de na 3 bliana deireanacha agus ag tabhairt faoina ngairm phroifisiúnta anois.

        Tá Music Network tiomanta do cothromas agus ionchuimsiú agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine aonair laistigh de phobail atá éagsúil ó thaobh cultúir de agus ó dhaoine atá faoi mhíchumas. Spreagann Music Network iarratasóirí ionchais atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais rochtana acu ar mhaith leo iarratas a chur ar aghaidh nó a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar Sheirbhísí ar Líne teagmháil a dhéanamh linn a luaithe is féidir roimh an spriocdháta ionas gur féidir gach iarracht a dhéanamh freastal réasúnta a dhéanamh.

              Cén fhaisnéis a iarrfar ort a sholáthar? 

              Déan iarratas faoin 2pm Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair 2026. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.   

              I dteannta d’iarratais ar líne, beidh ort an méid seo a leanas a sholáthar:

              • Cur síos ar an uirlis a bhíonn á seinm agat i láthair na huaire 
              • Do Curriculum Vitae (2 leathanach ar a mhéad ina dtugtar cur síos ar oideachas/oiliúint ábhartha agus taithí taibhithe) 
              • Sonraí de do thaithí taibhithe agus do chonair ghairme go dtí seo 
              • Sonraí de thaibhithe atá ar na bacáin agus do phleananna do do ghairm amach anseo 
              • Sonraí den bhealach, ag an bpointe seo de do ghairm, a dtacófar le forbairt do ghairme trí theacht a bheith agat ar uirlis nua 
              • 3 taifeadadh, nach mór ceann amháin acu ar a laghad a bheith ina bhfíseán agus nach mór ceol gan tionlacan a bheith i gceann acu. Is féidir taifeadtaí a roinnt mar naisc ghréasáin nó mar chomhaid mp3/.mp3.mp4/mov. 
              • 2 litir mholta ó mhúinteoirí/mheantóirí reatha nó ó iarmhúinteoirí/iarmheantóirí (ní mór sonraí teagmhála a áireamh, agus a dtoiliú chun teagmháil a dhéanamh leo).

              Is féidir teacht ar níos mó eolais faoin bpróiseas iarratais agus faoin gcaoi iarratas a dhéanamh sna treoirlíne iarratais thíos.

              Reáchtálfar seisiún faisnéise ar líne faoin scéim agus faoin gcaoi iarratas a dhéanamhLá, an Dé Máirt 11 Lúnasa ag 11am.

              Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí gearrliostaithe chun freastal ar agallamh le linn sheachtain an 19 Deireadh Fómhair 2026, agus beidh triail cheoil ar an láthair i gceist i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin,  Lá, an Dé Máirt agus Dé Céadaoin, an 27 agus 28 Deireadh Fómhair 2026

                  Fiosruithe breise: 

                  Is féidir ceisteanna ar bith atá agat faoi Dhámhachtain 4 den Scéim Caipitil Ceoil a sheoladh chuig  Sarah Ledwidge, Bainisteoir na Scéime Caipitil Ceoil capitalscheme@musicnetwork.ie nó glaoigh ar 01 475 0224 / 083 0162718.

                  Spriocdhátad’iarratais: 2pm Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair 2026

                      Na huirlisí a bheidh ar fáil: 

                      Tá seacht n-uirlis ón mbailiúchán ar fáil tríd an ndámhachtain seo.

                      Veidhlín: Alessandro Camilletti (2025)

                      Veidhlín: Alessandro Camilletti (2025)

                      Is uirlis úrnua í seo ó dhuine de na déantóirí is fearr dá bhfuil ann, sin Alessandro Camilletti in Cremona. Rinneadh í mar mhacasamhail de Stradivarius ón ‘Ré Órga’, agus cuireadh cuma sheanaimseartha uirthi le modhanna agus ábhair thraidisiúnta. 35.4cm atá i bhfad na colainne, agus 20.5cm, 10.9cm agus 16.5cm atá ina leithid.

                      Veidhlín: Fratelli Guastalla (1925)

                      Veidhlín: Fratelli Guastalla (1925)

                      Is uirlis Iodálach í seo le Dante & Alfredo Guastalla, a rinneadh in Reggiolo sa bhliain 1925. Is sárshampla sainiúil í an veidhlín seo d’obair na ndeartháireacha Guastalla le linn na tréimhse seo. 35.8cm atá i bhfad na colainne, agus 20.9cm, 10.9cm agus 16.9cm atá ina leithid.

                      Veidhlín: Voller Brothers(1893)

                      Veidhlín: Voller Brothers(1893)

                      Veidhlín bhreá Shasanach í seo leis na Voller Brothers, a rinneadh thart ar an mbliain 1893. Is sárshampla sainiúil d’obair na ndéantóirí í an veidhlín seo. 35.6cm atá i bhfad na colainne, agus 20.6, 11.2cm agus 16.8cm atá ina leithid.

                      Vióla: Charles John Wilkinson (c. 1930)

                      Vióla: Charles John Wilkinson (c. 1930)

                      Is féidir Charles John Wilkinson a mheas mar dhuine de na déantóirí veidhlíní is fearr as Sasana tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Tá an vióla fhíorbhreá seo múnlaithe ar chinn mhuintir Testore as Milano. 42cm atá i bhfad na colainne, agus 24.2cm, 13.2cm agus 19.3cm atá ina leithid.

                      Dordveidhil & Bogha Maurice Meulien: Dordveidhil Caressa & Français (1906), le bogha Robert Pierce (2021)

                      Dordveidhil & Bogha Maurice Meulien: Dordveidhil Caressa & Français (1906), le bogha Robert Pierce (2021)

                      Dordveidhil bhreá Fhranach de shárcháilíocht toin le Albert Caressa, a rinneadh i bPárás sa bhliain 1906. Bhí Maurice Meulien ar an bpríomh-dhordveidhleadóir i gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ ó 1950 go 1966, agus sheinn sé ina dhiaidh sin i gCeolfhoireann Uladh agus i gCeolfhoireann Shiansach Londain. Cheannaigh sé an Caressa sna 1950idí.

                      Bogha dordveidhle le hairgead agus éabann air, agus Robt PIERCE stampáilte air.

                      76.5cm atá i bhfad na colainne, agus 44cm, 23.8cm agus 34.5cm atá ina leithid.

                      Dordveidhil: Roger Hansell, Macasamhail de Davidov-Stradivari (2020)

                      Dordveidhil: Roger Hansell, Macasamhail de Davidov-Stradivari (2020)

                      Is déantóir téaduirlisí mór le rá é Roger Hansell a bhfuil cáil air as macasamhlacha den chéad scoth d’uirlisí stairiúla a dhéanamh. Is macasamhail den 'Davidov’ ón mbliain 1712 le Antonio Stradivari é an dordveidhil bhreá seo. Tá bail fhoirfe uirthi.  75.7cm atá i bhfad na colainne, agus 43.6 cm, 34.2cm agus 40.5cm atá ina leithid.

                      Cláirseach Cheolchoirme: Salvi – Iris Natural (2025)

                      Cláirseach Cheolchoirme: Salvi – Iris Natural (2025)

                      Tugtar an ealaín, an ceol, an dearadh agus an taighde go léir le chéile go foirfe sa chláirseach úrnua Iris Natural seo, ó na déantóirí iomráiteacha Iodálacha Salvi Harps. Tá an áilleacht measctha le scoth na feidhmíochta san uirlis seo. A bhuí le saibhreas toin agus teilgean suntasach fuaime, is iontach an chláirseach í seo d’oirfidigh aonair agus do cheolfhoirne. 187cm ar airde, 100cm ar leithead agus meáchan 39kg atá sa chláirseach 47 dtéad seo.

                      Tacaíonn an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt leis an tionscadal seo.