Déan iarratas faoin 2pm Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair 2026. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
I dteannta d’iarratais ar líne, beidh ort an méid seo a leanas a sholáthar:
- Cur síos ar an uirlis a bhíonn á seinm agat i láthair na huaire
- Do Curriculum Vitae (2 leathanach ar a mhéad ina dtugtar cur síos ar oideachas/oiliúint ábhartha agus taithí taibhithe)
- Sonraí de do thaithí taibhithe agus do chonair ghairme go dtí seo
- Sonraí de thaibhithe atá ar na bacáin agus do phleananna do do ghairm amach anseo
- Sonraí den bhealach, ag an bpointe seo de do ghairm, a dtacófar le forbairt do ghairme trí theacht a bheith agat ar uirlis nua
- 3 taifeadadh, nach mór ceann amháin acu ar a laghad a bheith ina bhfíseán agus nach mór ceol gan tionlacan a bheith i gceann acu. Is féidir taifeadtaí a roinnt mar naisc ghréasáin nó mar chomhaid mp3/.mp3.mp4/mov.
- 2 litir mholta ó mhúinteoirí/mheantóirí reatha nó ó iarmhúinteoirí/iarmheantóirí (ní mór sonraí teagmhála a áireamh, agus a dtoiliú chun teagmháil a dhéanamh leo).
Is féidir teacht ar níos mó eolais faoin bpróiseas iarratais agus faoin gcaoi iarratas a dhéanamh sna treoirlíne iarratais thíos.
Reáchtálfar seisiún faisnéise ar líne faoin scéim agus faoin gcaoi iarratas a dhéanamh Lá, an Dé Máirt 11 Lúnasa ag 11am.
Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí gearrliostaithe chun freastal ar agallamh le linn sheachtain an 19 Deireadh Fómhair 2026, agus beidh triail cheoil ar an láthair i gceist i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin, Lá, an Dé Máirt agus Dé Céadaoin, an 27 agus 28 Deireadh Fómhair 2026