Skip to main content

Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 1 - Coinníollacha

Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 1 (Grúpaí taibhithe neamhghairmiúla)
Coinníollacha Iomlána na Dámhachtana 1
  • Ní mór d’eagraíochtaí a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann agus úsáid rialta a bhaint as na hearraí ann.
  • Ní mór go mbeidh na hearraí faoi úineireacht eagraíochta a bunaíodh mar eagraíocht sheachbhrabúsach, eagraíocht dheonach nó comhlacht carthanachta. Ní mór go mbeidh a cuntas féin ag an eagraíocht (i.e. cuntas neamhphearsanta). Má tá an eagraíocht ina craobh/ball d’eagraíocht náisiúnta, ní mór é seo a lua in ainm an iarratasóra (e.g. “Ainm na heagraíochta náisiúnta – ainm craoibhe / baill) agus ní mór go mbainfidh gach eolas a chuirtear isteach leis an eagraíocht craoibhe/baill.
  • Bronnfar suas le 75% de chostas iomlán na n-earraí; ní sháróidh méid na dámhachtana 75% de chostas na n-earraí. Ní mór don eagraíocht iarratasóra 25% ar a laghad de chostas na n-earraí a mhaoiniú; ní féidir lascaine ó sholáthróirí a chur san áireamh sa 25% seo. Ní féidir leis an méid ar mian leis an eagraíocht a fháil €37,000 a shárú agus caithfidh costas foriomlán an earra a bheith faoi bhun €50,000.
  • Ní mór go mbeidh polasaithe agus nósanna imeachta sásúla maidir le cosaint agus leas pháistí agus daoine óga faoi bhun 18 agus/nó aosaigh leochaileacha i bhfeidhm ag eagraíochtaí a bhfuil cláir á seachadadh acu do na daoine seo.
  • Ní mór go mbeidh polasaí soiléir i bhfeidhm ag eagraíochtaí maidir le húsáid na n-earraí. Áirítear leis seo iad a choimeád ar bhealach sásúil, árachas, cúram, cothabháil agus deisiú, agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil oiliúint agus tacaíocht ar fáil do gach úsáideoir (e.g. teagasc, cleachtaí, ceardlanna/máisir-ranganna), chomh maith le deiseanna taibhithe. Is féidir le heagraíochtaí earraí a sholáthar saor in aisce nó ar cíos ainmniúil d’úsáideoirí (chun cabhrú le costais chúraim agus chothabhála). Níl sé i gceist go nginfear brabús don eagraíocht. Mar sin, ní cheadaítear d’eagraíochtaí brabúis, iarratas a chur isteach.
  • Ionaid atá ag déanamh iarratais ar mhaoiniú, ní mór dóibh a lua má bheidh grúpaí éagsúla ag baint úsáide as na hearraí, agus beatháisnéisí a chur isteach d’fhoirne ealaíontóra na ngrúpaí mar aon le samplaí den obair atá ar siúl ag na grúpaí seo. Ní mór a lua go soiléir san iarratas, na daoine nó an grúpa ar a mbeidh an fhreagracht dheiridh maidir le cúram agus cothabháil na n-earraí.
  • Ní mór d’eagraíochtaí a n-éiríonn seo, beirt a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú na Scéime Caipitil Ceoil agus earraí a chinch, agus cinnte a dhéanamh de go gcomhlíonann an eagraíocht coinníollacha na dámhachtana. Ní ghlacfar le haon chomhfhreagras ó bhall ar bith eile den eagraíocht maidir leis an iarratas/dámhachtain seo mura n-ainmníonn bord/coiste na heagraíochta duine eile agus é sin a chur in iúl i scríbhinn do Music Network.
  • Ní mór d’eagraíochtaí doiciméadú íostarraingthe a chomhlánú agus Foirm Dhearbhaithe a shíniú (2 sínitheoir in aghaidh na heagraíochta) na chomhaontaítear le coinníollacha na dámhachtana laistigh de choicís ón dáta ar a bhfaightear na torthaí. Ní mór don eagraíocht a n-éiríonn léi, sonraí cuntais bhainc a sholáthar in ainm na heagraíochta chun an dámhachtain a tharraingt anuas. Sa chás go bhfuil €10,000 i gceist, ní mór sonraí imréitigh cánach a sholáthar in ainm na heagraíochta freisin (Uimhir Thagartha Cánach agus Uimhir Rochtana don Imréiteach Cánach).
  • Caithfidh an eagraíocht a n-éiríonn leo, cead a fháil roimh ré ó Music Network má tá sé i gceist acu earraí eile a cheannach seachas na cinn a luadh go sonrach sa dámhachtain.
  • Ní mór d’eagraíochtaí cóipeanna d’admhálacha a sholáthar do Music Network maidir le hearraí a ceannaíodh, laistigh de dhá mhí ón dáta ar a mbronntar an dámhachtain. Más in airgeadra eile seachas euro atá na hadmhálacha, ní mór deimhniú den mhéid i euro a sholáthar freisin. Mura bhfaightear an doiciméadú sin, caillfidh an eagraíocht an dámhachtain agus aisíocfaidh sí le Music Network an chuid den mhaoiniú nár úsáideadh. Má tá an costas deiridh níos lú ná mar a bhíothas ag súil leis, déanfaidh an dámhachtaí an chuid den mhaoiniú nár úsáideadh a aisíoc le Music Network. Cuirfear i gciste na Scéime Caipitil Ceoil í agus úsáidfear í sna blianta ina dhiaidh sin.
  • Ní cheadaítear d’eagraíochtaí a n-éiríonn leo, earraí a bhronntar faoin scéim a dhíol ná fáil réidh leo ar bhealach eile. Mura bhfuil gá a thuilleadh leis na hearraí, nó má thagann deireadh leis an eagraíocht, ní mór é seo a chur in iúl do Music Network. Ag obair le Music Network déanfaidh an eagraíocht na hearraí a aistriú chuig comhlacht cuí eile (chun a chinntiú go mbainfear úsáid as na hearraí), nó díolfaidh sí na hearraí agus aisíocfaidh sí le Music Network an méid ábhartha den airgead a ghintear. Cuirfidh Music Network an t-airgead seo sa chiste le haghaidh dámhachtainí sna blianta ina dhiaidh sin.
  • Ní mór d’eagraíochtaí a n-éiríonn leo, tuarascálacha bliantúla a sholáthar maidir leis an úsáid a bhaintear as earraí maoinithe, ar feadh trí bliana ón dáta ar a bhfaightear na hearraí. Féach sampla anseo Dámhachtain 1 Foirm Tuarascáil Bhliantúil .
  • Ní mór d’eagraíochtaí a n-éiríonn leo dámhachtain a fháil, an tacaíocht a fuarthas ó Music Network agus ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus ón gComhairle Ealaíon a aithint in aon ábhar beatháisnéise agus fógartha poiblí ón dáta ar a mbronntar an dámhachtain, ar feadh trí bliana ar a laghad. Seolfar na lógónna ábhartha agus teimpléad don téacs aitheantais chuig dámhachtaithe. Beidh ar eagraíochtaí cruthúnas aitheantais a sholáthar leis an tuarascáil bhliantúil, i.e. samplaí de chláir do cheolchoirmeacha, gabháil scáileáin, póstaeir, fógráin etc ina bhfuil an nóta aitheantais.
  • Comhaontaíonn na heagraíochtaí a n-éiríonn leo go gcloífidh siad le coinníollacha na dámhachtana. Má sháraíonn eagraíocht na coinníollacha, déanfaidh an eagraíocht an méid a aisíoc le Music Network nó aisíocfaidh sí le Music Network 75% ar a laghad den luach athdíola, má chinneann Music Network go mb’fhearr na hearraí a dhíol. Cuirfear an méid seo leis an gciste atá ag an Scéim Caipitil Ceoil le haghaidh blianta ina dhiaidh sin. Ní cheadófar don eagraíocht iarratas a dhéanamh arís ar dhámhachtain ón Scéim Caipitil Ceoil.