Skip to main content

Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 2 & Dámhachtain 3 - Coinníollacha

Scéim Caipitil Ceoil 2025

Dámhachtain 2 (ceoltóirí aonair taibhithe seanbhunaithe a oibríonn ar bhonn gairmiúil) & Dámhachtain 3 (cheoltóirí taibhithe aonair atá ag teacht chun cinn agus a oibríonn ar bhonn gairmiúil) Treoirlínte

Coinníollacha iomlána na Dámhantana
  • D’fhéadfaí suas le 75% de chostas iomlán na n-earraí a bhronnadh; ní sháróidh an méid a bhronntar 75% de chostas iomlán na n-earraí. Ní mór don iarratasóir an 25% eile a mhaoiniú. Ní féidir lascaine ó sholáthróir a áiriú sa 25% seo.
  • Bainfidh ceoltóirí ar a mbronntar dámhachtain, úsáid go rialta as na hearraí i bPoblacht na hÉireann ar feadh trí bliana ar a laghad. I gcás pianó nó uirlisí móra eile nach bhfuil iniompartha, coimeádfar na huirlisí san áit ina mbíonn an ceoltóir ag cleachtadh de ghnáth.
  • Ní mór do cheoltóirí ar a mbronntar dámhachtain, soláthar sásúil a dhéanamh chun na huirlisí a choimeád sábháilte, aire a thabhairt dóibh, iad a chothabháil, a dheisiú agus a chur faoi árachas.
  • Ní mór do cheoltóirí a n-éiríonn leo, doiciméadú íostarraingthe a chomhlánú laistigh de choicís ón dáta ar a bhfaigheann siad na torthaí. Ní mór don dámhachtaí Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí a sholáthar. Sa chás go bhfuil os cionn €10,000 i gceist, ní mór Uimhir Thagartha Cánach agus Uimhir Rochtana don Imréiteach Cánach a sholáthar chun an dámhachtain a tharraingt anuas.
  • Caithfidh ceoltóirí ar a mbronntar dámhachtain, cead a fháil roimh ré ó Music Network má tá sé i gceist acu earraí eile a cheannach seachas na cinn a luadh go sonrach sa dámhachtain.
  • Ní mór d’eagraíochtaí cóipeanna d’admhálacha a sholáthar do Music Ceoil maidir le hearraí a ceannaíodh – nó deimhniú gur cuireadh ordú isteach i gcás uirlisí saincheaptha - laistigh de cheithre mhí ón dáta ar a mbronntar an dámhachtain. Más in airgeadra eile seachas euro atá na hadmhálacha, d’fhéadfaí deimhniú den mhéid i euro a iarraidh freisin. Mura bhfaightear an doiciméadú sin, caillfidh an dámhachtaí an dámhachtain agus aisíocfaidh siad le Music Network an chuid den mhaoiniú nár úsáideadh. Má tá an costas deiridh níos lú ná mar a bhíothas ag súil leis, déanfaidh an dámhachtaí an chuid den mhaoiniú nár úsáideadh a aisíoc le Music Network. Cuirfear i gciste na Scéime Caipitil Ceoil í agus úsáidfear í sna babhtaí ina dhiaidh sin.
  • Ní mór do cheoltóirí a n-éiríonn leo dámhachtain a fháil, an tacaíocht a fuarthas ó Music Network agus ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, a aithint in aon ábhar poiblí (mar shampla: suíomhanna gréasáin, cláir fhoilsithe agus póstaeir, beatháisnéisí) ón dáta ar a mbronntar an dámhachtain, ar feadh trí bliana ar a laghad. Soláthróidh Music Network ábhar aitheantais ar nós lógónna agus téacs do dhamhachtaithe nuair a dheimhnítear na torthaí. Iarrfar ar dhámhachtaithe cruthúnas a chur isteach leis na tuarascálacha bliantúla (mar shampla: samplaí de chláir do cheolchoirmeacha, gabháil scáileáin ó shuíomhanna gréasáin, póstaeir, fógráin agus ábhar eile ar a bhfuil an t-aitheantas le feiceáil.
  • Comhaontaíonn na ceoltóirí a n-éiríonn leo, go gcloífidh siad le coinníollacha na dámhachtana. Má sháraíonn said na coinníollacha, déanfaidh ceoltóirí an méid a aisíoc le Music Network, nó aisíocfaidh sí le Music Network 75% ar a laghad den luach athdíola, má chinneann Music Network go mb’fhearr na hearraí a dhíol. Cuirfear an méid seo leis an gciste atá ag an Scéim Caipitil Ceoil le haghaidh babhtaí ina dhiaidh sin.