Skip to main content
Edit Page

Scéim Caipitil Ceoil Scheme Dámhachtain 4 Treoirlínte

Dámhachtain 4, do théadcheoltóirí clasaiceacha atá ag teacht chun cinn

Arna bhainistiú ag Music Network le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Déan iarratas faoin 2pm Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair 2026

      Trí Bhailiúchán Náisiúnta Uirlisí Music Network cuirtear téaduirlisí ardchaighdeáin ar fáil ar bhonn iasachta d’fhíorscoth na gceoltóirí clasaiceacha atá ag teacht chun cinn ar feadh tréimhse 3 bliana. I gcúinsí eisceachtúla, féadfar an tréimhse a fhadú go ceann bliana eile. I mbliana, táimid ag lorg iarratas ó veidhleadóirí, vióladóirí, dordveidhleadóirí agus cláirseoirí ardleibhéil atá ag tabhairt faoi ghairm phroifisiúnta taibhithe nó atá ag luathchéimeanna a ngairme.

      Ní mór d'iarratasóirí acmhainneacht as cuimse a léiriú agus cuntas teiste maith a bheith acu mar aonréadaí agus/nó i suíomhanna ceoil aireagail.

      Maidir leis na Treoirlínte seo

      Tá ceithre chuid i gceist leis na treoirlínte seo: 

      • Cuid 1: Forléargas ar an dámhachtain
      • Cuid 2: Cé is féidir iarratas a dhéanamh?
      • Cuid 3: An próiseas iarratais agus measúnaithe
      • Cuid 4: Iarratasóirí a n-éireoidh leo – coinníollacha na dámhachtana
      Cuid 1: Gearrchuntas ar an dámhachtain

      Ar na huirlisí ó Bhailiúchán Náisiúnta Uirlisí Music Network atá ar fáil sa bhabhta seo den scéim, tá:

      • Veidhlín: Alessandro Camilletti (2025)
      • Veidhlín: Fratelli Guastalla (1925)
      • Veidhlín: Deartháireacha Voller (1893)
      • Vióla: Charles John Wilkinson (c. 1935)
      • Dordveidhil & Bogha Maurice Meulien: Dordveidhil Caressa (1906), bogha Robert Pierce (2021) - Tá an dordveidhil & an bogha ar iasacht ag Music Network ó Cécile agus Robert Pierce.
      • Dordveidhil: Roger Hansell, Macasamhail de Davidov-Stradivari (2020)
      • Cláirseach Cheolchoirme: Salvi – Iris Natural (2025)

      N.B. Faigh tuilleadh eolais faoi na huirlisí atá ar fáil.

      Ina theannta sin, tairgfear suas go €5,000 do cheoltóirí a mbronnfar úsáid as ceann de na veidhlíní, viólaí nó dordveidhilí orthu chun cur i dtreo costais bogha nua. Má bhaineann dámhachtaithe leas as sin, is leo féin a bheidh an bogha agus coinneoidh siad é.

        Cuid 2: Cé is féidir iarratas a dhéanamh?

        Veidhleadóirí, vióladóirí, dordveidhleadóirí agus cláirseoirí clasaiceacha aonair atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn sin agus atá:

        • ina saoránach Éireannach nó ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann*. Ní gá go mbeadh saoránaigh Éireannacha ina gcónaí in Éirinn d’fhonn iarratas a dhéanamh

        agus

        • ar tí tabhairt faoi chéim máistir nó i mbun staidéar le haghaidh céim máistir

        • tar éis a gcuid staidéir a thabhairt i gcrích laistigh de na 3 bliana deireanacha agus ag tabhairt faoina ngairm phroifisiúnta anois.

        Tá Music Network tiomanta do cothromas agus ionchuimsiú agus fáiltíonn sé roimh iarratais ó dhaoine aonair laistigh de phobail atá éagsúil ó thaobh cultúir de agus ó dhaoine atá faoi mhíchumas. Spreagann Music Network ceoltóirí a bhfuil riachtanais rochtana nó tacaíochta acu ar mhaith leo iarratas a chur ar aghaidh teagmháil a dhéanamh linn a luaithe is féidir roimh an spriocdháta ionas gur féidir gach iarracht a dhéanamh freastal réasúnta a dhéanamh.

        *Tá cónaitheacht bunaithe ar shainmhíniú na gCoimisineirí Ioncaim ar an téarma: Tá tú cónaitheach chun críocha cánach in Éirinn má tá tú i láthair in Éirinn le haghaidh 183 lá nó níos mó sa bhliain chánach nó 280 lá nó níos mó san iomlán, ag tógáil na bliana cánach reatha móide an bhliain cánach roimhe sin le chéile. Ní bheidh tú cónaitheach in Éirinn má tá tú anseo ar feadh 30 lá nó níos lú i mbliain chánach. N.B. ní mór uimhir PSP bailí a bheith ag cónaitheoirí/saoránaigh Éireannacha. Téigh chuig revenue.ie chun breis faisnéise a fháil.

          Cuid 3: An Próiseas Iarratais/Measúnaithe

          Déan iarratas faoin 2pm Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair 2026. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

          Céim
          1: ní mór d’iarratasóirí foirm iarratais ar líne a chur ar aghaidh, in éineacht le hábhair tacaíochta. Tabhair ar aird: ní bheidh d’iarratas incháilithe mura n-áirítear na hábhair tacaíochta go léir arna n-iarraidh ann.

          Cuirfear na hiarratasóirí a chuirfear ar an ngearrliosta chun dul ar aghaidh chuig Céim 2 den phróiseas ar an eolas faoi sin ar ríomhphost faoin Day Date Month 2026.

          Céim 2: tabharfar cuireadh d’iarratasóirí gearrliostaithe chun freastal ar agallamh ar líne le painéal (ar an bpainéal, beidh gairmithe a bhfuil taithí agus réimse saineolais ábhartha acu) agus triail cheoil ar an láthair ina dhiaidh sin. Tar éis do na trialacha ceoil a bheith ar siúl, déanfaidh an painéal cinneadh maidir leis na hiarratasóirí a dtairgfear uirlis ó Bhailiúcháin Náisiúnta Uirlisí Music Network dóibh go ceann tréimhse 3 bliana.

          • Cuirfear agallaimh ar líne ar siúl le linn sheachtain an 19 Deireadh Fómhair 2026, ina dtabharfar deis d’iarratasóirí gearrliostaithe achoimre a thabhairt ar a bpleananna gairme agus a n-uaillmhianta don phainéal. Tá dáta agus amanna beachta na n-agallamh le deimhniú.
          • Cuirfear trialacha ceoil ar an láthair ar siúl Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Campas Ghráinseach Ghormáin, Dé Máirt agus Dé Céadaoin, an 27 agus 28 Deireadh Fómhair. Tá amanna beachta na dtrialacha le deimhniú. Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí roghnaithe clár 20 nóiméad a chur i láthair ar stáitse, a mbeidh a rogha píosaí mar chuid de.

          Beidh tionlacaí pianó ar fáil le seinm le gach iarratasóir dá dtriail cheoil ar an láthair. Sa chás gur mhaith leis an iarratasóir seinm leis an tionlacaí seo, sannfar uair an chloig mar am cleachtaidh dóibh an lá roimh ré (beidh sé mar dhualgas an iarratasóra féin freastal ar an slotán cleachtaidh a shannfar). Mar mhalairt air sin, féadfaidh an t-iarratasóir a thionlacaí féin a thabhairt leis, ar a chostas féin.

          Tabhair ar aird: Forchoimeádann Music Network an ceart gan uirlisí ó Bhailiúcháin Náisiúnta Uirlisí Music Network a bhronnadh sa chás nach measfadh an painéal líon leordhóthanach iarratasóirí a bheith oiriúnach. Beidh cinneadh an painéal críochnaitheach. Ní leor na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh chun a ráthú go bhfaighfear uirlis. Dícháileofar iarratasóirí má dhéantar brústocaireacht ag pointe ar bith den phróiseas.

          Treoir le hiarratas a dhéanamh

          Ba cheart d’iarratasóirí dul chuig www.musicnetwork.ie agus a bpróifíl a shocrú ar thairseach na n-iarratas. Ansin, beidh an t-iarratasóir in ann an t-iarratas a chur i gcrích ina chéimeanna (an fhoirm a chomhlánú agus na hábhair tacaíochta a ullmhú agus a uaslódáil) le linn na tréimhse iarratais. Ní mór gach ábhar iarratas a bheith curtha ar aghaidh tríd an tairseach ar líne faoin 2pm Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair 2026.

          Cén fhaisnéis a iarrtar ort a sholáthar?

          • Cur síos ar an uirlis a bhíonn á seinm agat i láthair na huaire
          • Do Curriculum Vitae (CV) – 2 leathanach ar a mhéad ina dtugtar cur síos ar oideachas/oiliúint ábhartha agus taithí taibhithe
          • Sonraí de do thaithí taibhithe agus do chonair ghairme go dtí seo
          • Sonraí de thaibhithe atá ar na bacáin agus do phleananna do do ghairm amach anseo
          • Sonraí den bhealach, ag an bpointe seo de do ghairm, a dtacófar le forbairt do ghairme trí theacht a bheith agat ar uirlis nua
          • 3 taifeadadh*, nach mór ceann amháin acu ar a laghad a bheith ina bhfíseán agus nach mór ceol gan tionlacan a bheith i gceann acu. Is féidir taifeadtaí a roinnt mar naisc ghréasáin nó mar chomhaid mp3/.mp4/mov.
          • 2 litir mholta ó mhúinteoirí/mheantóirí reatha nó ó iarmhúinteoirí/iarmheantóirí (ní mór sonraí teagmhála a áireamh, agus a dtoiliú chun teagmháil a dhéanamh leo).

          Tabhair ar aird: tá sé riachtanach an méid thuasluaite ar fad a chur ar fháil d’fhonn iarratas a bheith incháilithe.

          *Nóta faoi thaifeadtaí: cuir ar aghaidh taifeadtaí a rinneadh le déanaí agus atá éagsúil óna chéile ina dtugtar an léiriú is fearr ar do chumas taibhithe, mar aon le PDF nó doiciméad Word ina liostaítear na sonraí taifeadta (e.g. dáta agus suíomh an taifeadta, sonraí faoi na píosaí, ainm an taibheora / na dtaibheoirí, amanna tosaigh/stop na gcodanna ábhartha le héisteacht leo, etc.)

          Is féidir taifeadtaí fuaime (i bhformáid .mp3) nó físeáin ( i bhformáid .mov nó .mp4, suas go méid comhaid 80 MB) a uaslódáil go díreach chuig an bhfoirm iarratais. Mar mhalairt air sin, is féidir leat naisc chuig samplaí fuaime nó físe i ndoiciméad Word nó PDF a chur ar fáil, i dteannta sonraí taifeadtaí. Mura mbeidh fáil ar naisc le linn na tréimhse measúnaithe, ní bheifear in ann measúnú iomlán a dhéanamh ar d’iarratas, mar sin cinntigh go bhfuil fáil phoiblí ar do naisc/comhaid nó cuir pasfhocal ar fáil más gá.

          Critéir Roghnúcháin:

          Úsáidfear na ceithre chritéar seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar gach iarratas:

          1. Cuntas teiste agus acmhainn léirithe i dtaibhiú ceoil (cuirfear taibhiú i dtimpeallachtaí gairmiúla agus neamhghairmiúla araon san áireamh) (50%)
          2. An tionchar a bheadh ag uirlis ón mBailiúchán a fháil ar phleananna gairme (20%)
          3. Gá léirithe don iasacht uirlise (20%)
          4. Fianaise ar ábaltacht deiseanna taibhithe gairmiúla in Éirinn agus/nó ar fud an domhain a fháil le linn thréimhse na hiasachta. Céard is fianaise ann? Sonraí ar thaibhithe roimhe seo i dtimpeallacht ghairmiúil (in Éirinn nó go hidirnáisiúnta) nó cuirí ó thionscnóirí ceolchoirme/féilte etc. agus/nó sonraí de thaibhithe atá ar na bacáin. (10%)


          N.B:
          tá sé tábhachtach na critéir uile a bhreithniú go cúramach agus d’iarratas á ullmhú agat mar gur próiseas iomaíoch é seo agus go gcuirfear na ceithre cinn ar fad san áireamh le linn an phróisis measúnaithe.

          Aiseolas: Cuirfidh Music Network aiseolas ar fáil d’iarratasóirí nach n-éireoidh leo ó Chéim 1 agus ó Chéim 2 araon, arna iarraidh sin laistigh de 6 seachtain ó fhógra a fháil faoi na torthaí. Féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh an athuair i mblianta amach anseo.

          Fiosruithe ginearálta:

          Déan teagmháil le Sarah Ledwidge (Bainisteoir na Scéime Caipitil Ceoil) capitalscheme@musicnetwork.ie nó glaoigh ar 083 0162718.

          Cuid 4: Iarratasóirí a n-éireoidh leo - coinníollacha na dámhachtana:

          Glacann dámhachtaithe leis an méid seo a leanas:

          • go gcoinneoidh siad saoránacht Éireann nó stádas cónaitheachta go ceann thréimhse na hiasachta, ach amháin má aontaíonn Music Network a mhalairt
          • go ndéanfaidh siad taibhiú i gceolchoirm amháin ar a laghad in Éirinn do Music Network le linn thréimhse na hiasachta
          • go ndéanfaidh siad a ndícheall taibhithe a dhéanamh in Éirinn go rialta le linn thréimhse na hiasachta
          • go ndéanfaidh siad comhaontú ceadúnaithe le Music Network maidir le coinneáil, árachas, cúram, iniúchadh, cothabháil agus deisiú na huirlise, agus íocaíocht táille ceadúnais bliantúla.
          • go gcuirfidh siad dhá mheastachán ar aghaidh ó dhéantóirí ar leith, sa chás go nglacfaidís leis an ranníocaíochta airgeadais €5,000 i dtreo costais bogha nua
          • go gcuirfidh siad tuarascálacha bliantúla ar fáil do Music Network maidir le húsáid na huirlise ar feadh thréimhse na hiasachta
          • go ndéanfaidh siad tacaíocht Music Network agus na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a admháil in ábhair beathaisnéise le linn thréimhse na hiasachta
          • go gcuirfidh siad Music Network ar an eolas láithreach sa chás go bhfuil sé beartaithe acu gan an uirlis arna bronnadh a sheinm go poiblí a thuilleadh, ar fáth ar bith, le linn thréimhse na
          • hiasachta. Sa chás sin, tabharfar an uirlis ar ais do Music Network láithreach
          • go mbeidh siad faoi cheangal choinníollacha na dámhachtana seo. I gcás athrú ar chúinsí gan choinne, a mbeadh neamhábaltacht coinníollacha na dámhachtana a chomhlíonadh mar thoradh air, tabharfaidh an dámhachtaí an uirlis ar ais do Music Network láithreach.