Ba cheart d’iarratasóirí dul chuig www.musicnetwork.ie agus a bpróifíl a shocrú ar thairseach na n-iarratas. Ansin, beidh an t-iarratasóir in ann an t-iarratas a chur i gcrích ina chéimeanna (an fhoirm a chomhlánú agus na hábhair tacaíochta a ullmhú agus a uaslódáil) le linn na tréimhse iarratais. Ní mór gach ábhar iarratas a bheith curtha ar aghaidh tríd an tairseach ar líne faoin 2pm Dé Máirt, an 29 Meán Fómhair 2026.
Cén fhaisnéis a iarrtar ort a sholáthar?
- Cur síos ar an uirlis a bhíonn á seinm agat i láthair na huaire
- Do Curriculum Vitae (CV) – 2 leathanach ar a mhéad ina dtugtar cur síos ar oideachas/oiliúint ábhartha agus taithí taibhithe
- Sonraí de do thaithí taibhithe agus do chonair ghairme go dtí seo
- Sonraí de thaibhithe atá ar na bacáin agus do phleananna do do ghairm amach anseo
- Sonraí den bhealach, ag an bpointe seo de do ghairm, a dtacófar le forbairt do ghairme trí theacht a bheith agat ar uirlis nua
- 3 taifeadadh*, nach mór ceann amháin acu ar a laghad a bheith ina bhfíseán agus nach mór ceol gan tionlacan a bheith i gceann acu. Is féidir taifeadtaí a roinnt mar naisc ghréasáin nó mar chomhaid mp3/.mp4/mov.
- 2 litir mholta ó mhúinteoirí/mheantóirí reatha nó ó iarmhúinteoirí/iarmheantóirí (ní mór sonraí teagmhála a áireamh, agus a dtoiliú chun teagmháil a dhéanamh leo).
Tabhair ar aird: tá sé riachtanach an méid thuasluaite ar fad a chur ar fháil d’fhonn iarratas a bheith incháilithe.
*Nóta faoi thaifeadtaí: cuir ar aghaidh taifeadtaí a rinneadh le déanaí agus atá éagsúil óna chéile ina dtugtar an léiriú is fearr ar do chumas taibhithe, mar aon le PDF nó doiciméad Word ina liostaítear na sonraí taifeadta (e.g. dáta agus suíomh an taifeadta, sonraí faoi na píosaí, ainm an taibheora / na dtaibheoirí, amanna tosaigh/stop na gcodanna ábhartha le héisteacht leo, etc.)
Is féidir taifeadtaí fuaime (i bhformáid .mp3) nó físeáin ( i bhformáid .mov nó .mp4, suas go méid comhaid 80 MB) a uaslódáil go díreach chuig an bhfoirm iarratais. Mar mhalairt air sin, is féidir leat naisc chuig samplaí fuaime nó físe i ndoiciméad Word nó PDF a chur ar fáil, i dteannta sonraí taifeadtaí. Mura mbeidh fáil ar naisc le linn na tréimhse measúnaithe, ní bheifear in ann measúnú iomlán a dhéanamh ar d’iarratas, mar sin cinntigh go bhfuil fáil phoiblí ar do naisc/comhaid nó cuir pasfhocal ar fáil más gá.