Skip to main content

Scéim Caipitil Ceoil Scileanna Scríbhneoireachta d’Eagraíochtaí - Dhámhachtain 1

Scéim Caipitil Ceoil Scileanna Scríbhneoireachta d’Eagraíochtaí - Dhámhachtain 1

Grace Toland a woman with dark hair sits in a chair smiling
Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar an Scéim Caipitil Ceoil 2026 de chuid Líonra Ceoil. Cuirfear tacaíochtaí ar fáil d’iarratasóirí anois go dtí an spriocdháta. Beidh siad ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair araon, agus tacófar go sonrach leo siúd atá ag déanamh iarratais den chéad uair agus le hiarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo.

Ní mór d’eagraíochtaí atá ag cur isteach ar Dhámhachtain 1 a léiriú, go soiléir agus go gonta, a ngníomhaíochtaí ealaíonta go dtí seo, na pleananna forbartha atá acu don todhchaí agus an fáth go bhfuil gá leis na hearraí ar mian leo a cheannach.

Ar mhaith leat treoir a fháil faoi mbealach is fearr téacs a scríobh atá soiléir agus áititheach, agus na critéir roghnúcháin curtha san áireamh agat, agus conas an méid atá bainte amach ag d’eagaíocht a chur i láthair mar aon leis na spriocanna ceoil atá aici?

Tacóidh an seimineár seo le heagraíochtaí iad féin a chur i láthair ar an mbealach is fearr agus argóint áititheach a dhéanamh chun tacaíocht a fháil. Beidh sé á sheachadadh ag an mórbhainisteoir ealaíne Grace Toland.

Scéim Caipitil Ceoil 2026

Cuireann an Scéim Caipitil Ceoil, arna tacú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, maoiniú ar fáil chun uirlisí ceoil agus trealamh faoi leith a cheannach do cheoltóirí aonair gairmiúla agus do ghrúpaí neamhghairmiúla ar fud na tíre.

Is é Máirt 15 Nollaig 2026 ag 2pm an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Is féidir aon cheist maidir leis an Scéim Caipitil Ceoil a chur chuig Sarah Ledwidge, Bainisteoir na Scéime Caipitil Ceoil, ag capitalscheme@musicnetwork.ie nó +353 (0) 83 016 2718