Skip to main content

Scéim Caipitil Ceoil Scileanna Scríbhneoireachta d’Eagraíochtaí - Dhámhachtain 1

Scéim Caipitil Ceoil Scileanna Scríbhneoireachta d’Eagraíochtaí - Dhámhachtain 1

Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar an Scéim Caipitil Ceoil 2025 de chuid Líonra Ceoil. Cuirfear tacaíochtaí ar fáil d’iarratasóirí anois go dtí an spriocdháta. Beidh siad ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair araon, agus tacófar go sonrach leo siúd atá ag déanamh iarratais den chéad uair agus le hiarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo.

Ní mór d’eagraíochtaí atá ag cur isteach ar Dhámhachtain 1 a léiriú, go soiléir agus go gonta, a ngníomhaíochtaí ealaíonta go dtí seo, na pleananna forbartha atá acu don todhchaí agus an fáth go bhfuil gá leis na hearraí ar mian leo a cheannach.

Ar mhaith leat treoir a fháil faoi mbealach is fearr téacs a scríobh atá soiléir agus áititheach, agus na critéir roghnúcháin curtha san áireamh agat, agus conas an méid atá bainte amach ag d’eagaíocht a chur i láthair mar aon leis na spriocanna ceoil atá aici?

Tacóidh an seimineár seo le heagraíochtaí iad féin a chur i láthair ar an mbealach is fearr agus argóint áititheach a dhéanamh chun tacaíocht a fháil. Beidh sé á sheachadadh ag an mórbhainisteoir ealaíne XXXX XXXX.

Mar chuid den tacaíocht a chuirimid ar fáil d’iarratasóirí, tá líon teoranta de sheisiúin chomhairliúcháin duine le duine againn lenár gcainteoirí seimineáir.

Más maith leat comhairliúchán duine le duine a chur in áirithint, cuir ríomhphost chuig Abbi Temple ag support@musicnetwork.ie. Cuir san áireamh d’uimhir theagmhála, ainm d’eagraíochta (más bainteach) agus cuir in iúl dúinn an ndearna tú iarratas roimhe seo ar an Scéim Caipitil Ceoil.

Tabhair do d’aire, níl ach líon teoranta de na seisiúin duine le duine ar fáil, agus tabharfar tús áite d’iarratasóirí céaduaire agus d’iarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo. Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar maoiniú toisc gur fhreastail tú ar sheisiún tacaíochta.

Scéim Caipitil Ceoil 2025

Cuireann an Scéim Caipitil Ceoil, arna tacú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, maoiniú ar fáil chun uirlisí ceoil agus trealamh faoi leith a cheannach do cheoltóirí aonair gairmiúla agus do ghrúpaí neamhghairmiúla ar fud na tíre.

Is é Déardaoin 27 Samhain 2025 ag 2pm an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Is féidir aon cheist maidir leis an Scéim Caipitil Ceoil a chur chuig Sarah Ledwidge, Bainisteoir na Scéime Caipitil Ceoil, ag capitalscheme@musicnetwork.ie nó +353 (0) 83 016 2718