Skip to main content

Scéim Caipitil Ceoil

Scéim Caipitil Ceoil

5
Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar an Scéim Caipitil Ceoil 2025 de chuid Líonra Ceoil.

Cuireann an Scéim Caipitil Ceoil, arna tacú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, maoiniú ar fáil chun uirlisí ceoil agus trealamh faoi leith a cheannach do cheoltóirí aonair gairmiúla agus do ghrúpaí neamhghairmiúla ar fud na tíre.

Tá €1,040,000 ar an iomlán le fáil tríd na dámhachtainí a leanas agus is féidir iarratas a chur isteach orthu anois:

  • Dámhachtain 1 - do grhúpaí neamhghairmiúla
  • Dámhachtain 2 – do cheoltóirí aonair gairmiúla seanbhunaithe
  • Dámhachtain 3 – do cheoltóirí gairmiúla aonair atá ag teacht chun cinn

Cuirfear tacaíochtaí ar fáil d’iarratasóirí anois go dtí an spriocdháta. Beidh siad ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair araon, agus tacófar go sonrach leo siúd atá ag déanamh iarratais den chéad uair agus le hiarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo.

Óstálfaidh Líonra Ceoil dhá Sheisiún Eolais ar líne, ceann amháin d’eagraíochtaí ar mian leo cur isteach ar Dhámhachtain 1 agus ceann eile do dhaoine aonair ar mian leo cur isteach ar Dhámhachtainí 2 nó 3. Lena chois seo, óstálfar seimineáir chomh maith agus beidh líon teoranta ann de sheisiún comhairliúcháin duine le duine ar na topaicí seo.

Faigh tuilleach amach thíos faoi na tacaíochtaí seo d’iarratasóirí agus conas clárú.

Iarrann Líonra Ceoil ar iarratasóirí ionchasacha atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais rochtana acu, nó má tá deacrachtaí acu rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne, teagmháil a dhéanamh linn a luaithe is féidir roimh an spriocdháta ionas go mbeimid ábalta socrú réasúnta a dhéanamh dóibh.

Is féidir aon cheist maidir leis an Scéim Caipitil Ceoil a chur chuig Sarah Ledwidge, Bainisteoir na Scéime Caipitil Ceoil, ag capitalscheme@musicnetwork.ie nó +353 (0) 83 016 2718.

Is é Déardaoin 27 Samhain 2025 ag 2pm an spriocdháta le haghaidh iarratas.

        Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 1 – grúpaí taibhithe neamhghairmiúla

        Tugtar cuireadh do ghrúpaí taibhithe neamhghairmiúla i stíl cheoil ar bith, iarratas a dhéanamh, chomh maith le scoileanna, eagraíochtaí pobail/óige/acmhainní agus ionaid a dhéanann maoirseacht ar cheolchoirmeacha neamhghairmiúla.

        Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 2 - ceoltóirí aonair taibhithe seanbhunaithe atá ag obair go gairmiúil

        Tugtar cuireadh do cheoltóirí aonair seanbhunaithe a dhéanann ceoil ag leibhéal gairmiúil i stíl ar bith, iarratas a dhéanamh.

        Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 3 – ceoiltóirí taibhithe gairmiúla atá ag teacht chun cinn

        Tugtar cuireadh do cheoltóirí aonair a dhéanann ceoil i stíl ar bith atá ag teacht chun cinn agus atá ag tosú amach sa ghairm, iarratas a dhéanamh.

        Seisiúin eolais ar líne agus tacaíochtaí d’iarratasóirí

        Cuirfear tacaíochtaí ar fáil d’iarratasóirí i nDeireadh Fómhair agus i mí na Samhna. Beidh siad ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair araon, agus tacófar go sonrach leo siúd atá ag déanamh iarratais den chéad uair agus le hiarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo. Níl aon chostas ag baint leo.

        Tá liosta le fáil thíos de na seisiúin tacaíochta atá le teacht. Lena hais sin, tá líon teoranta ann de sheisiúin chomhairiúcháin duine le duine le gach cainteoir sa seimineár. Chun comhairliúchán duine le duine a chur in áirithint le haon cheann de na cainteoirí, cuir ríomhphost chuig Sarah Ledwidge ag capitalscheme@musicnetwork.ie. Cuir san áireamh uimhir theagmhála, ainm na heagraíochtaí as a dtagann tú (má bhaineann sé le hábhar) agus inis dúinn an ndearna tú iarratas roimhe seo ar dhámhachtain ón Scéim Caipitil Ceoil.

        *Tabhair do d’aire, tá srian ar sheisiúin duine le duine agus tabharfar tús áite dóibh siúd atá ag déanamh iarratais den chéad uair agus d’iarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbronnfar dámhachtain toisc gur fhreastail duine ar sheisiún den sórt seo.

        Dámhachtain 1 Tacaíochtaí d’Iarratasóirí (Grúpaí taibhithe neamhghairmiúla)

        • Seisiúin Eolais faoin Scéim Caipitil Ceoil le haghaidh eagraíochtaí – Dé Máirt 28 Deireadh Fómhair ag 10.30am. Tuilleadh eolais
        • Doiciméad Rialachais a Chruthú d’Eagraíochtaí – Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair ag 7.30pm Tuilleadh eolais
        • Scileanna Scríbhneoireachta d’Eagraíochtaí – Déardaoin 30 Deireadh ag 7.30pm. Tuilleadh eolais
        • Taifeadtaí a Chruthú d’Eagraíochtaí – Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair ag 1pm. Tuilleadh eolais
        • Pleanáil Ealaíne – Dé Luain 3 Samhain ag 1pm. Tuilleadh eolais

          Dámhachtain 2 (Ceoltóirí Seanbhunaithe) agus Dámhachtain 3 (Ceoltóirí atá ag teacht chun cinn) Tacaíochtaí d’Iarratasóirí

          • Seisiúin Eolais faoin Scéim Caipitil Ceoil do Dhaoine Aonair – Dé Máirt 28 Deireadh Fómhair ag 1pm. Tuilleadh eolais
          • Taifeadtaí a Chruthú do Dhaoine Aonair, Déardaoin 30 Deireadh Fómhair ag 10.30am.Tuilleadh eolais
          • Scileanna Scríbhneoireachta do Dhaoine Aonair, Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair 10.30am. Tuilleadh eolais

          Faigheann an tionscadal seo tacaíocht ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.