Skip to main content

Seisiúin Tacaíochta d’Iarratasóirí ar an Scéim Caipitil Ceoil

Seisiúin Tacaíochta d’Iarratasóirí ar an Scéim Caipitil Ceoil

A group of young musicians celebrate holding varrious instruments in front of a fountain

Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar an Scéim Caipitil Ceoil 2026 de chuid Líonra Ceoil.

Cuireann an Scéim Caipitil Ceoil, arna tacú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, maoiniú ar fáil chun uirlisí ceoil agus trealamh faoi leith a cheannach do cheoltóirí aonair gairmiúla agus do ghrúpaí neamhghairmiúla ar fud na tíre.

Cuirfear tacaíochtaí ar fáil d’iarratasóirí anois go dtí an spriocdháta. Beidh siad ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair araon, agus tacófar go sonrach leo siúd atá ag déanamh iarratais den chéad uair agus le hiarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo.

Óstálfaidh Líonra Ceoil dhá Sheisiún Eolais ar líne, ceann amháin d’eagraíochtaí ar mian leo cur isteach ar Dhámhachtain 1 agus ceann eile do dhaoine aonair ar mian leo cur isteach ar Dhámhachtainí 2 nó 3. Lena chois seo, óstálfar seimineáir chomh maith agus beidh líon teoranta ann de sheisiún comhairliúcháin duine le duine ar na topaicí seo.

Is é Dé Máirt, an 15 Nollaig 2026 ag 2pm an spriocdháta le haghaidh iarratas.


Faigh tuilleach amach thíos faoi na tacaíochtaí seo d’iarratasóirí agus conas clárú.

  • Seisiúin Eolais faoin Scéim Caipitil Ceoil le haghaidh eagraíochtaí – 18 Samhain ag 1.00pm. Cláraigh anseo
  • Pleanáil Ealaíne - 17 Samhain ag 12.00pm. Cláraigh anseo
  • Scileanna Scríbhneoireachta d’Eagraíochtaí – 18 Samhain ag 1.00pm.Cláraigh anseo
  • Taifeadtaí a Chruthú d’Eagraíochtaí - 20 Samhain ag 1.00pm. Cláraigh anseo
  • Doiciméad Rialachais a Chruthú d’Eagraíochtaí – 23 Samhain ag 1.00pm.Cláraigh anseo
  • Seisiúin Eolais faoin Scéim Caipitil Ceoil do Dhaoine Aonair – 18 Samhain ag 10.30am. Cláraigh anseo
  • Scileanna Scríbhneoireachta do Dhaoine Aonair - 18 Samhain ag 10.30am. Cláraigh anseo
  • Taifeadtaí a Chruthú do Dhaoine Aonair - 20 Samhain ag 10.30am.Cláraigh anseo
Seisiúin Chomhairliúcháin duine le duine d’iarratasóirí

Mar chuid den tacaíocht a chuirimid ar fáil d’iarratasóirí, tá líon teoranta de sheisiúin chomhairliúcháin duine le duine againn lenár gcainteoirí seimineáir.

Más maith leat comhairliúchán duine le duine a chur in áirithint, cuir ríomhphost chuig Sarah Ledwidge ag capitalscheme@musicnetwork.ie. Cuir san áireamh d’uimhir theagmhála, ainm d’eagraíochta (más bainteach) agus cuir in iúl dúinn an ndearna tú iarratas roimhe seo ar an Scéim Caipitil Ceoil.

Tabhair do d’aire, níl ach líon teoranta de na seisiúin duine le duine ar fáil, agus tabharfar tús áite d’iarratasóirí céaduaire agus d’iarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo. Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar maoiniú toisc gur fhreastail tú ar sheisiún tacaíochta.