Skip to main content

Scéim Caipitil Ceoil Pleanáil Ealaíne - Dhámhachtain 1

Scéim Caipitil Ceoil Pleanáil Ealaíne - Dhámhachtain 1

Eibhlín Gleeson photo
Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar an Scéim Caipitil Ceoil 2026 de chuid Líonra Ceoil. Cuirfear tacaíochtaí ar fáil d’iarratasóirí anois go dtí an spriocdháta. Beidh siad ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair araon, agus tacófar go sonrach leo siúd atá ag déanamh iarratais den chéad uair agus le hiarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo.

Ní mór d’eagraíochtaí atá ag cur isteach ar Dhámhachtain 1 sonraí a sholáthar faoi phleananna agus polasaithe ealaíona foriomlána na heagraíochta.

An bhfuil cabhair ag teastáil uait chun a shoiléiriú cad iad na haidhmeanna atá ag d’eagraíocht, cén áit a bhfuil sibh anois agus cad é an sprioc atá agaibh? Ar mhaith libh plean a chruthú don fhás amach anseo agus deiseanna nua a chruthú?

Tabharfaidh an seimineár seo na huirlisí d’eagraíochtaí chun go mbeidh ar a gcumas an misean, an fhís agus na luachanna atá acu a shainaithint, agus Plean Straitéiseach a fhorbairt. Beidh sé á sheachadadh ag an mbainisteoir ealaíne sinsearach Eibhlín Gleeson.

About Eibhlin Gleeson

Eibhlin Gleeson has extensive experience as a senior arts manager over 20 years. Having started her career as a musician, she is now a key figure in Ireland’s artistic landscape.  She was the CEO of Ireland’s flagship professional choir, Chamber Choir Ireland where she implemented significant organisational and structural change.  Following this, she developed her own arts management company, EMG Arts Management, providing strategic planning, marketing, fundraising, and international touring services to arts organisations in Ireland. In 2015, she became CEO and Artistic Director of Cork Opera House, one of Ireland’s flagship producing and presenting houses, a position which she still holds today. Here, she has presided over a new phase of producing, major organisational change and increased funding revenue and audience figures.

Eibhlin has a BMus from UCC and is a former fellow of the Kennedy Centre’s DeVos Institute of Arts Management in Washington, D.C. She was instrumental in establishing a new Arts Management and Creative Producing Master’s Degree in University College Cork, Ireland where she teaches on an ongoing basis.

Scéim Caipitil Ceoil 2026

Cuireann an Scéim Caipitil Ceoil, arna tacú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, maoiniú ar fáil chun uirlisí ceoil agus trealamh faoi leith a cheannach do cheoltóirí aonair gairmiúla agus do ghrúpaí neamhghairmiúla ar fud na tíre.

Is é Máirt 15 Nollaig 2026 ag 2pm an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Is féidir aon cheist maidir leis an Scéim Caipitil Ceoil a chur chuig Sarah Ledwidge, Bainisteoir na Scéime Caipitil Ceoil, ag capitalscheme@musicnetwork.ie nó +353 (0) 83 016 2718.