Iarrtar ort san fhoirm iarratais 4 chineál Ábhar Tacaíochta a uaslódáil (féach na 4 phointe thíos). Tá an t-ábhar seo ag teastáil ón bpainéal measúnaithe chun cabhrú leo measúnú a dhéanamh ar d’iarratas. Mura uaslódáiltear an tÁbhar Tacaíochta go léir, ní féidir d’iarratas a mheasúnú ina iomláine.
Glacann ár gcóras ar líne leis an gcuid is mó d’fhormáidí comhaid, comhaid MS Word, Excel, JPEG, PDF agus MP3 san áireamh.
1. Liosta uirlisí agus trealamh ceoil atá faoi úinéireacht ag an eagraíocht
Má tá uirlisí agus trealamh ag d’eagraíocht faoi láthair, ní mór duit liosta díobh a uaslódáil agus na nithe thíos a lua:
- méid – cé mhéad de gach ceann atá agaibh
- déanamh agus eiseamláir
- an bhfuil siad i gcóir mhaith nó nach bhfuil
- cá fhad a mhairfidh siad – cad í an tréimhse is dóigh leat go mbeidh sibh ábalta úsáid as bhaint as gach ceann díobh.
2. Beatháisnéisí gearra den fhoireann ealaíontóra
Ní mór duit doiciméad a uaslódáil ina bhfuil alt gearr faoi gach príomhbhall de d’fhoireann ealaíontóra (100 focal don duine). Déan cur síos ar an taithí ceoil ábhartha atá ag na príomh daoine a bhfuil baint acu le teagasc nó le gníomhaíochtaí ealaíontóra laistigh den eagraíocht.
Is féidir na daoine seo a lua, mar shampla:
- Stiúrthóir ealaíontóra
- Stiúrthóir ceoil agus/nó stiúrthóir cúnta
- Teagascóirí
- Ceoltóirí ar cuairt a chuir teagasc nó ceardlanna ar fáil
- Daoine eile.
3 Taifeadadh fuaime nó fístaifeadadh – agus doiciméad gearr
Ní mór duit dhá thaifeadadh a chur isteach ina bhfuil codarsnacht le cloisteáil sa cheol agus a léiríonn an obair a dhéanann d’eagraíocht.
Ní mór duit freisin doiciméad gearr a uaslódáil ina liostáiltear na sonraí a leanas do gach taifeadadh:
- Cé atá ag seinm
- Cén áit ar chóir don phainéal measúnachta tús a chur leis an éisteacht agus cén áit ar chóir dóibh stopadh (mar shampla, má chuireann tú taifeadadh fuaime nó fístaifeadadh de cheolchoirm iomlán isteach, inis dúinn, le do thoil, cén chuid den cheolchoirm ar chóir dúinn éisteacht léi tríd na hamanna tosaigh agus deiridh a lua)
- Cén áit agus cathain ar rinneadh na taifeadtaí.
Is féidir leat taifeadtaí fuaime a uaslódáil go díreach i bhformáid MP3 go dtí an fhoirm iarratais ar líne.
Is féidir naisc go fístaifeadtaí agus taifeadtaí fuaime i bhformáidí eile, a chur isteach i do dhoiciméad gearr.
Nóta: Mura féidir leis an bpainéal measúnachta teacht ar na naisc, ní bheidh ar a gcumas measúnú iomlán a dhéanamh ar d’iarratas. Déan cinnte de, mar sin, go bhfuil rochtain phoiblí ar na naisc agus ar na comhaid, nó cuir pasfhocal ar fáil, más gá.
4. Líon na meastachán atá riachtanach ó sholáthróirí éagsúla
Don dámhachtain seo, ní mór duit meastacháin a lorg ó sholáthróirí difriúla ina dtugann siad praghas duit do gach rud ar mian leat a cheannach chun luach ar airgead a chinntiú. Ní mór duit na meastacháin seo a chur isteach le d’iarratas mar caithfidh an Scéim Caipitil Ceoil cloí leis na Treoirlínte don dSoláthair Phoiblí – treoirlinte a bhaineann le táirgí a cheannach.
Ní mór meastacháin a chur isteach san iarratas do gach rud atá molta agat, mar seo a leanas: