Skip to main content

Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 2 Treoirlínte

Dámhachtain 2 (cheoltóirí taibhithe seanbhunaithe a oibríonn ar bhonn gairmiúil) Treoirlínte

Faoi bhainistiú Music Network, agus is í an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a dhéanann maoiniú ar an scéim.

Is é an spriocdháta chun iarratais a bheith faighte ná 2pm, Déardaoin 27 Samhain 2025.

Maidir leis na Treoirlínte seo

Dearadh na treoirlínte seo chun tacú leat iarratas dhéanamh ar an Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 2.

Tá 6 chuid ag baint leis na treoirlínte seo:

  • Cuid 1: Gearrchuntas ar an dámhachtain
  • Cuid 2: Gearrchuntas ar an maoiniú
  • Cuid 3: Cé ar féidir leo iarratas a dhéanamh – agus nach féidir leo
  • Cuid 4: Cad is féidir leat cur isteach air – agus cad nach féidir leat cur isteach air
  • Cuid 5: Conas iarratas a dhéanamh
  • Cuid 6: Nós imeachta measúnachta
Cuid 1: Gearrchuntas ar an dámhachtain

Dearadh an Scéim Caipitil Ceoil de chuid Music Network chun tacaíocht a sholáthar le go gceannófar uirlisí ceoil agus ábhar bainteach eile le haghaidh ceolchoirmeacha nó léiriúcháin de cheol beo.

Tá Dámhachtain 2 dírithe ar cheoltóirí taibhithe seanbhunaithe a oibríonn ar bhonn gairmiúil.
Is í an aidhm taobh thiar den scéim ná tacú leis na ceoltóirí seo:

  • ✔ Uirlisí ceoil ar ardchaighdeán a cheannach
  • ✔ Uirlisí ceoil ar ard chaighdeán a chothabháil nó a dheisiú
  • ✔ Míreanna nó trealamh faoi leith a cheannach, ar nós cásanna d’uirlisí, oiriúintí agus trealamh leictreonach don taibhiú beo (tuilleadh samplaí ar leathanach 3-4).

Cad atá i gceist le ‘cheoltóirí taibhithe seanbhunaithe a oibríonn ar bhonn gairmiúil’?
Sin ceoltóirí os cionn 18 a bhíonn ag seinm go poiblí i stíl cheoil ar bith, a bhfuil dea-theist acu ceoil a dhéanamh go gairmiúil. Is cuma mura dtuilleann tú ioncam go leanúnach nó ón gceol amháin. Is leor go n-aithníonn tú, agus go n-aithníonn do phiaraí, gur cheoltóir taibhithe gairmiúil atá ionat.

Tá Music Network tiomanta don chothromas agus don ionchuimsiú, agus spreagtar do dhaoine aonair ó chúlraí agus ó phobail éagsúla iarratas a dhéanamh.

Cuid 2: Gearrchuntas ar mhaoiniú

Maoiniú foriomlán

Is é méid an mhaoinithe atá ar fáil don Scéim Caipitil Ceoil 2025 Dámhachtain 2 ná €340,000.

Cé mhéad ar féidir liom cur isteach air

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar suas le 75% de chostas iomlán na n-earraí molta.

Ní mór duit an 25% eile a mhaoiniú agus ní mór duit a léiriú san fhoirm iarratais conas a dhéanfaidh tú é seo.

Má tá costais ag baint le seachadadh na n-earraí (ar nós táillí seachadta, táillí bainc, táillí iompórtála), ní féidir an dámhachtain a úsáid chun iad a íoc. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú na muirir seo a íoc.

Cuid 3: Cé ar féidir leo iarratas a dhéanamh – agus nach féidir leo

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

  • ✔ Ceoltóirí taibhithe seanbhunaithe a oibríonn ar bhonn gairmiúil (féach sainmhíniú ar leathanach 1) atá:
    • 18 nó os a chionn
      agus
    • Lonnaithe i bPoblacht na hÉireann (féach sainmhíniú thíos).

D’fhéadfadh Iarratasóirí ar Dhámhachtain 2 a bheith ag obair mar thaibheoirí ar ardleibhéal i:

  • Stíl cheoil ar bith
  • Mar aonréadaí

agus/nó

  • Mar chuid de ghrúpa nó ensemble beag.

Cad a chiallaíonn ‘lonnaithe’ i bPoblacht na hÉireann?

De réir sainmhínithe na gCoimisinéirí Ioncaim, is éard atá i gceist le ‘Cónaitheacht’ ná:

Tá tú i do chónaí in Éirinn chun críocha cánach má tá tú i láthair in Éirinn ar feadh:

  • 183 days or more in a tax year 183 lá nó níos mó in aon bhliain chánach amháin

  • 280 lá nó níos mó san iomlán, má chuirtear le chéile an bhliain chánach reatha agus an bhliain chánach roimhe sin. Ní mheastar go bhfuil tú lonnaithe in Éirinn má chaitheann tú 30 lá nó nios lú anseo in aon bhliain chánach amháin.

Beidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí atá bailí ag cónaitheoirí. Tabhair cuairt ar ag www.revenue.ie le haghaidh eolais bhreise.

Tá roinnt eisceachtaí ann a ligeann do cheoltóirí atá lonnaithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann iarratas a dhéanamh. I gcásanna mar sin, ba chóir duit a lua go soiléir i d’iarratas conas a dhéanfadh do thogra tairbhe do na h-ealaíona i bPoblacht na hÉireann.

Cé nach féidir leo iarratas a dhéanamh?

  • Daoine aonair faoi bhun 18
  • Dámhachtaithe roimhe seo den Scéim Caipitil Ceoil nár chloí le coinníollacha na dámhachtana ar bronnadh orthu.
Cuid 4: Cad is féidir leat cur isteach air - agus cad nach féidir leat cur isteach air

Ní mór go mbeidh na rudaí seo i gceist nuair a dhéanann tú iarratas:

  • go n-úsáidfear na huirlisí don cheol beo go príomha
    agus
  • go mbainfidh d’iarratas le príomhuirlis ar ar féidir leat dea-theist a léiriú.

Thíosluaite feicfidh tú samplaí d’earraí atá clúdaithe agus nach bhfuil clúdaithe ag an dámhachtain. Ní áirítear gach féidearthacht leis na samplaí thíos. Déan teagmháil le Music Network má tá ceist agat maidir leis seo.

Earraí atá clúdaithe

  • ✔ Uirlisí nua nó uirlisí athláimhe ar ardchaighdéan
  • ✔ Deisiúchán aon uaire ar uirlis nó costais chothabhála
  • ✔ Oiriúintí uirlise (mar shampla: boghanna, téada, roisín, taca gualainne, druma chinn, bataí, scuabanna, maothadóirí, strapaí, feagacha, béalóga)
  • ✔ Cásanna uirlise
  • ✔ Seastáin uirlise
  • ✔ Trealamh leictreonach taibhithe (mar shampla: éifeachtaí, troitheáin, cáblaí, aimplitheoirí uirlise, córas fógartha poiblí agus micreafóin, MDI, trealamh do DJ nó bogearraí a úsáidtear don taibhiú beo amháin)
  • ✔ Stólanna speisialaithe (nuair is gá)

Earraí nach bhfuil clúdaithe

  • ✖ Ríomhairí/ríomhairí glúine
  • ✖ Méadranóim
  • ✖ Tiúnóirí
  • ✖ Trealamh taifeadta/bogearraí
Cuid 5: Conas iarratas a dhéanamh (4 chéim)

Ní mór d’iarratasóirí foirm iarratais a chomhlánú ar líne lena n-áirítear Ábhar Tacaíochta a uaslódáil (tuilleadh sonraí thíos).

Step 1: Set up your online profile

Tabhair cuairt ar www.musicnetwork.ie agus ullmhaigh do phróifíl ar an tairseach iarratais ar líne.

Nuair a bheidh sé seo déanta agat, is féidir leat tús a chur leis an iarratas i gcéimeanna le linn na tréimhse iarratais. Déantar dréachtanna a shábháil go huathoibríoch, ach déan do dhréacht is déanaí a sheiceáil sula bhfágann tú an tairseach.

Céim 2: Léigh an fhoirm iarratais

Tá 5 mhír san fhoirm iarratais. Iarrtar sonraí faoi do shlí bheatha san fhoirm maidir le:

  • do chúlra ceoil
  • do phleananna gairme don todhchaí.

Iarrtar ort freisin faoin earra/na míreanna is mian leat a cheannach:

  • costas an ruda agus aon chostas eile a ghabhann leis
  • your funding contribution towards the cost (25% of the total price) do ranníocaíocht mhaoinithe i leith an chostais (25% den phraghas iomlán)
  • cén fáth a bhfuil siad de dhíth ort.

Iarrann sé ort freisin Ábhar Tacaíóchta a sholáthar (féach Céim 3).

Céim 3: Bailigh an tÁbhar Tacaíochta a luaitear san fhoirm

Iarrtar ort san fhoirm iarratais 3 chineál Ábhar Tacaíochta a uaslódáil (féach na 3 phointe thíos). Tá an t-ábhar seo ag teastáil ón bpainéal measúnaithe chun cabhrú leo measúnú a dhéanamh ar d’iarratas. Mura uaslódáiltear an tÁbhar Tacaíochta go léir, ní féidir d’iarratas a mheasúnú ina iomláine.

Glacann ár gcóras ar líne leis an gcuid is mó d’fhormáidí comhaid, comhaid MS Word, Excel, JPEG, PDF agus MP3 san áireamh.

1. CV (Curriculum Vitae)

    Ná bíodh do CV níos faide ná dhá leathanach, agus cuir na rudaí a leanas ann:

    • d’oideachas agus oiliúint
    • do thaithí maidir le taibhiú
    • ainmneacha na ngrúpaí agus/nó na gceoltóirí ar oibrigh tú leo.

    2. Taifeadadh fuaime nó fístaifeadadh – agus doiciméad gearr

    Ní mór duit dhá thaifeadadh ceoil a bhfuil codarsnacht eatarthu a chur isteach agus a léiríonn do scileanna taibhithe.

    Ní mór duit freisin doiciméad gearr a uaslódáil ina liostáiltear na sonraí a leanas do gach taifeadadh:

    • Cén áit ar chóir don phainéal measúnachta tús a chur leis an éisteacht agus cén áit ar chóir dóibh stopadh (mar shampla, má chuireann tú taifeadadh fuaime nó fístaifeadadh de cheolchoirm iomlán isteach, inis dúinn, le do thoil, cén chuid den cheolchoirm ar chóir dúinn éisteacht léi tríd na hamanna tosaigh agus deiridh a lua)
    • Cén áit agus cathain ar rinneadh na taifeadtaí.

    Is féidir leat taifeadtaí fuaime a uaslódáil go díreach i bhformáid MP3 go dtí an fhoirm iarratais ar líne.

    Is féidir naisc go fístaifeadtaí agus taifeadtaí fuaime i bhformáidí eile, a chur isteach i do dhoiciméad gearr.

    Nóta: Mura féidir leis an bpainéal measúnachta teacht ar na naisc, ní bheidh ar a gcumas measúnú iomlán a dhéanamh ar d’iarratas. Déan cinnte de, mar sin, go bhfuil rochtain phoiblí ar na naisc agus ar na comhaid, nó cuir pasfhocal ar fáil, más gá.

    3. Dhá mheastachán do gach earra, ó sholáthróirí éagsúla
    Don dámhachtain seo, ní mór duit meastacháin a lorg do gach earra ó dhá sholáthróir difriúil. Tá na meastacháin riachtanach chun comparáid a dhéanamh ionas gur féidir a léiriú go bhfuil luach ar airgead á sholáthar.

      Ní mór na sonraí a leanas a thaispeáint go soiléir i ngach meastachán:

      • Ainm an tsoláthróra
      • Sonraíocht na huirlis nó an ruda atá le ceannach
      • Costas.

      Is féidir na meastacháin a uaslódáil sna formáidí a leanas:

      • ✔ gabháil scáileáin ó shuíomh gréasáin an tsoláthróra

      • ✔ ríomhphost nó litir ón soláthróir.
      • ✖ Ní ghlactar le naisc chuig suíomhanna gréasáin soláthróirí mar d’fhéadfadh athrú teacht orthu nó d’fhéadfadh siad a bheith neamhghníomhach.

      Más uirlisí saincheaptha atá i gceist, ba chóir go mbainfidh an dara meastachán le huirlis inchomparáide. Déan teagmhail le Music Network má tá aon cheist agat.

      Céim 4: Cuir d’iarratas isteach

      Ní mór an t-iarratas comhlánaithe a chur isteach tríd an tairseach ar líne roimh 2pm, Déardaoin 27 Samhain 2025.

      Má chuireann tú d’iarratas isteach roimh an spriocdháta, gheobhaidh tú uath-ríomhphost ina ndeirtear leat gur éirigh leapt an t-iarratas a chur isteach.

      Nóta: Seans go rachaidh an t-uath-ríomhphost seo go dtí do chomad turscair. Mura bhfaigheann tú an ríomhphost seo, ciallaíonn sé nár cuireadh an t-iarratas isteach i gceart. Sa chás seo, is ortsa atá an fhreagracht dul i dteagmháil le Líonra Ceoil. Ba chóir duit am a fhágáil chun d’iarratas a chur isteach arís (más gá) roimh an spriocdháta.

      Ní ghlacfar le d’iarratas sna cásanna a leanas:

      • Tagann sé isteach chugainn déanach, i ndiaidh an spriocdháta: 2pm, Déardaoin 27 Samhain 2025.
      • Níl an tÁbhar Tacaíochta go léir istigh ann.
      • Ní chloíonn sé le coinníollacha na dámhachtana.
      • Baineann sé le rudaí ar ceannaíodh cheana féin nó le deisiúcháin ar rinneadh sular rinneadh an cinneadh iad a mhaoiniú
      • Níor comhlánaíodh an t-iarratas go hiomlán. Cuir isteach ‘N/A’ in aon chuid den iarratas nach mbaineann leatsa, más gá.
      • Léigh na Treoirlínte agus an fhoirm iarratais do Dhámhachtain 2 go cúramach agus an t-iarratas á ullmhú agat.
      • Faigh rochtain ar na Tacaíochtaí a chuireann Music Network ar fáil d’Iarratasóirí ag.
      • Bí cinnte go bhfuil d’iarratas soiléir agus gonta; ná déan talamh slán de go bhfuil aithne ag na measúnóirí ar d’eagraíocht.
      • Cuimhnigh ar na critéir roghnúcháin (leathanach 8) agus an t-iarratas á scríobh agat agus an tÁbhar Tacaíochta á roghnú agat. Ba chóir go mbeadh Ábhar Tacaíochta ábhartha do na himeachtaí le déanaí, go léireodh sé do chuid oibre go maith, agus go mbeadh nasc soiléir aige leis an rud atá tú ag iarraidh a cheannach.
      • Leag síos do riachtanais maidir le huirlisí nó trealamh, agus déan taighde ar na roghanna ceannaigh atá ann. Ní haon bhuntáiste í, méid níos lú nó níos mó a iarraidh. An rud is tábhachtaí ná go dtiocfaidh d’iarratas le do riachtanais agus gur féidir leat é seo a léiriú go soiléir i d’iarratas.
      • Bíodh tuiscint shoiléir agus réalaíoch agat ar na costais a bhaineann le do thogra, agus leag amach go soiléir na foinsí ioncaim a bheidh uait chun do sciar féin a chlúdach (25% den chostas iomlán).
      • Iarr ar chara nó ar chomhghleacaí féachaint ar d’iarratas roimh é a chur isteach.
      • Ullmhaigh d’iarratas agus fág dóthain ama chun é a chur isteach roimh an spriocdháta.
      Cuid 6: Nós Imeachta Measúnaithe (3 chéim)

      Céim 1: Déanfaidh comhairleoir neamhspleách measúnú ar gach iarratas incháilithe bunaithe ar na critéir roghnúcháin ar leathanach 8.

      Ag brath ar líon na n-iarratas, cuirfidh siad gearrliosta le chéile.

      Céim 2: Ansin déanfaidh an painéal cinneadh maidir le conas maoiniú a leithdháileadh idir na hiarrastasóirí ar éirigh leo. Sa phainéal, áirítear ionadaithe ó Music Network agus cleachtóirí ábhartha ó chúlraí ceoil éagsúla. An cinneadh a dhéanfaidh an painéal, sin é an cinneadh deiridh.

      D’fhéadfadh an painéal cinneadh a dhéanamh gan méid iomlán na dámhachtana a bhronnadh mura bhfaightear dóthain iarratas atá ar ardchaighdeáin.

      Cé gur mian leis an bpainéal tacú le hiarratasóirí a chomhlíonann na critéir, tá an maoiniú teoranta agus tá an próiseas an-iomaíoch. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil aon chinnteacht ann go bhfaighidh tú maoiniú cé go bhfuil na critéir comhlíonta agat.

      Tabhair do d’aire –ní cheadaítear stocaireacht – iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar an gcinneadh taobh amuigh den phróiseas iarratais oifigiúil.

      Critéir roghnúcháin
      Déanfar d’iarratas a mheasúnú bunaithe ar na trí chritéir liostaithe sa tábla thíos atá ualaithe de réir na gcéatadán liostaithe. Má tharlaíonn sé go bhfuil iarratasóirí ar chomhscór, úsáidfear dea-theist an iarratasóra mar phríomhchritéir roghnúcháin.

      Critéir Ualú
      1. Dea-theist i dtaibhiú ceoil mar a bhaineann sé leis na hearraí molta. 50%
      2. Riachtanas cruthaithe don earra. 25%
      3. Pleananna chun an earra a úsaid. Áirítear Poblacht na hÉireann leis sin. 25%

      Céim 3: Torthaí
      Seolfar ríomhphost chuig gach iarratasóir in Eanáir 2026.

      Is féidir le hiarratasóirí nár éirigh leo, aiseolas a lorg ó laistigh de dhá mhí ón dáta ar fuair siad na torthaí, agus is féidir leo iarratas eile a dhéanamh sna blianta ina dhiaidh sin.

      Iarratais ar éirigh leo

      Má éiríonn leis an iarratas a rinne d’eagraíocht, iarrfar ort:

      • Foirm íostarraingthe a chomhlánú
      • Fianaise maidir le himréiteach cánach a sholáthar más os cionn €10,000 atá do dhámhachtain.

      Foilseofar ainmneacha na n-iarratasóirí ar éirigh leo ar líne agus sna meáin.

      Achoimre ar choinníollacha na dámhachtana

      Seo thíos achoimre ar phríomhchoinníollacha na dámhachtana. Tá na coinníollacha go léir le fáil anseo ar shuíomh gréasáin Music Network.

      Tábhachtach:

      You must read and:

      • agree to comply with the full conditions of the award as part of the application process

      agus

      • ní mór doiciméadú íostarraingthe a chomhlánú ina gcomhaontaíonn tú go gcomhlíonfaidh tú na coinníollach má éiríonn leat.
      • D’fhéadfadh an scéim suas le 75% de chostas an earra a sholáthar, agus ní mór don iarratasóir an 25% eile a mhaoiniú. Ní féidir lascaine ón soláthróir a chur san áireamh leis seo.
      • Bainfidh ceoltóirí ar a mbronntar dámhachtain, úsáid go rialta as na hearraí i bPoblacht na hÉireann ar feadh trí bliana ar a laghad. I gcás pianó nó uirlisí móra eile nach bhfuil iniompartha, coimeádfar na huirlisí san áit ina mbíonn an ceoltóir ag cleachtadh de ghnáth.
      • Ní mór do cheoltóirí ar a mbronntar dámhachtain, soláthar sásúil a dhéanamh chun na huirlisí a choimeád sábháilte, aire a thabhairt dóibh, iad a chothabháil, a dheisiú agus a chur faoi árachas.
      • Caithfidh ceoltóirí ar a mbronntar dámhachtain, cead a fháil roimh ré ó Music Network má tá sé i gceist acu earraí eile a cheannach seachas na cinn a luadh go sonrach sa dámhachtain.
      • Ní mór do cheoltóirí ar a mbronntar dámhachtain, cóipeanna d’admhálacha a sholáthar do Music Network maidir le hearraí a ceannaíodh, laistigh de cheithre mhí ón dáta ar a mbronntar an dámhachtain.
      • Ní mór do cheoltóirí ar a mbronntar dámhachtain, tuarascálacha bliantúla a sholáthar do Music Network maidir leis an úsáid a bhaintear as earraí maoinithe ar feadh trí bliana ón dáta ar a bhfaightear na hearraí. Cuirfidh Music Network teimpléad ar fáil do na tuarascálacha seo. Féach sampla anseo Dámhachtain 2 Foirm Tuarascáil Bhliantúil
      • Ní mór d’eagraíochtaí a n-éiríonn leo dámhachtain a fháil, an tacaíocht a fuarthas ó Music Network agus ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, a aithint in aon ábhar poiblí (mar shampla: suíomhanna gréasáin, cláir fhoilsithe agus póstaeir, beatháisnéisí) ón dáta ar a mbronntar an dámhachtain, ar feadh trí bliana ar a laghad. Soláthróidh Music Network ábhar aitheantais ar nós lógónna agus téacs.