Cuireann an Scéim Caipitil Ceoil, arna tacú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, maoiniú ar fáil chun uirlisí ceoil agus trealamh faoi leith a cheannach do cheoltóirí aonair gairmiúla agus do ghrúpaí neamhghairmiúla ar fud na tíre.
Tá €1,040,000 ar an iomlán le fáil tríd na dámhachtainí a leanas agus is féidir iarratas a chur isteach orthu anois:
- Dámhachtain 1 - do grhúpaí neamhghairmiúla
- Dámhachtain 2 – do cheoltóirí aonair gairmiúla seanbhunaithe
- Dámhachtain 3 – do cheoltóirí gairmiúla aonair atá ag teacht chun cinn
Cuirfear tacaíochtaí ar fáil d’iarratasóirí anois go dtí an spriocdháta. Beidh siad ar fáil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair araon, agus tacófar go sonrach leo siúd atá ag déanamh iarratais den chéad uair agus le hiarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo.
Óstálfaidh Líonra Ceoil dhá Sheisiún Eolais ar líne, ceann amháin d’eagraíochtaí ar mian leo cur isteach ar Dhámhachtain 1 agus ceann eile do dhaoine aonair ar mian leo cur isteach ar Dhámhachtainí 2 nó 3. Lena chois seo, óstálfar seimineáir chomh maith agus beidh líon teoranta ann de sheisiún comhairliúcháin duine le duine ar na topaicí seo.
Faigh tuilleach amach thíos faoi na tacaíochtaí seo d’iarratasóirí agus conas clárú.
Iarrann Líonra Ceoil ar iarratasóirí ionchasacha atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais rochtana acu, nó má tá deacrachtaí acu rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne, teagmháil a dhéanamh linn a luaithe is féidir roimh an spriocdháta ionas go mbeimid ábalta socrú réasúnta a dhéanamh dóibh.
Is féidir aon cheist maidir leis an Scéim Caipitil Ceoil a chur chuig Sarah Ledwidge, Bainisteoir na Scéime Caipitil Ceoil, ag capitalscheme@musicnetwork.ie nó +353 (0) 83 016 2718.
Is é Déardaoin 27 Samhain 2025 ag 2pm an spriocdháta le haghaidh iarratas.